Skip to main content
Knowledge Centre on Interpretation

Oiliúint d’Oiliúnóirí

Cúrsaí ar leith a eagraíonn Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta d’oiliúnóirí ateangaireachta comhdhála

Oiliúint d’Oiliúnóirí

Eagraíonn Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta seimineáir “Oiliúint d’Oiliúnóirí” (ODO) sa Bhruiséil go rialta, ar feadh cúig lá, le haghaidh oiliúnóirí ateangaireachta in ollscoileanna comhpháirtíochta ó Bhallstáit agus ó thíortha is iarrthóirí, agus ó thríú tíortha amhail an Rúis agus tíortha Afracacha i gcomhthéacs PAMCIT (Cuibhreannas Máistreachta Pan-Afracach um Ateangaireacht agus Aistriúchán).

Oiliúnóirí ateangairí atá ina mbaill foirne ollscoile nó ina n-oiliúnóirí seachtracha a bhíonn i bpróifíl rannpháirtithe ODO, chomh fada agus a leanfaidh siad ar aghaidh ag teagasc sa scoil ina bhful siad go ceann tamaill fhada eile. 12 atá i meánlíon na rannpháirtithe in aghaidh an tseimineáir, 10 ar a laghad agus 14 ar a mhéad.

 

Is féidir na seimineáir a reáchtáil i gcomhthráth agus eagraítear lón leath bealaigh trí na seisiúin oiliúna, rud a thugann deis do na rannpháirtithe líonrú le chéile, mar aon le deis chun bualadh leis an Ard-Stiúrthóir Ateangaireachta agus le Cinn na nAonad Ateangaireachta.

 

Tá na seimineáir Oiliúint d’Oiliúnóirí ar cheann de na príomhcholúin de Thacaíocht Oiliúna d’Ateangairí Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta, faoi mar a léiríodh i suirbhé a reáchtáladh in 2014 leis na hollscoileanna comhpháirtíochta, inar tugadh le fios gurb iad an dara gníomhaíocht tacaíochta is fearr leo i ndiaidh deontas, agus ráta sásaimh 93% ann dóibh ar an iomlán.

Ní cleachtadh forbartha acmhainní amháin iad ODOanna ach ardán líonraithe agus mol chun pobal ar son na gcleachtas is fearr a chruthú, agus is cuid de bheartas for-rochtana Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta iad, trína ndéanaimid ár gcaighdeáin feabhais agus ár bhfios gnó a roinnt leis na hoiliúnóirí ollscoile - agus tríothu siúd lena bpiaraí agus leis na mic léinn.

Tuilleadh eolais