Reachtaíocht
Tá carachtar ilteangach an Aontais Eorpaigh agus a chuid institiúidí ráthaithe i Rialachán (CE) Uimh. 1/58 ón gComhairle, rialachán a leagtar amach in Airteagal 1 de gurb iad teangacha oifigiúla na mBallstát teangacha oifigiúla an Aontais. Ar dtús, nuair nach raibh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa ina Aontas go fóill, ní raibh ach 4 theanga luaite, ach cuireadh tuilleadh teangacha leis sin le linn gach méadaithe:
“Is iad teangacha oifigiúla agus teangacha oibre institiúidí an Aontais an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris.”
Anuas air sin, luach bunúsach de chuid an Aontais is ea an meas ar an éagsúlacht teanga, maille leis an meas don duine agus an oscailteacht do chultúir eile. Tá an méid sin ionchorpraithe i mbrollach an Chonartha ar an Aontas Eorpach (CAE) ina dtagraítear d'ionsparáid a fháil "ó oidhreacht chultúrtha, reiligiúnach agus dhaonnach na hEorpa", rud a dhaingníonn cion an Aontais "le prionsabail na saoirse, an daonlathais agus urramú chearta an duine”. In Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach leagtar an-bhéim ar urramú chearta an duine agus ar an neamh-idirdhealú, agus in Airteagal 3, luaitear go n-urramóidh an tAontas “saibhreas a éagsúlachta cultúrtha agus teanga”.
Le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, cairt a glacadh in 2000 agus atá ceangailteach faoin dlí de thoradh Chonradh Liospóin, cuirtear toirmeasc ar an idirdhealú ar bhonn teanga (Airteagal 21) agus cuirtear d'oibleagáid ar an Aontas an éagsúlacht teanga a urramú (Airteagal 22).
Tá 6 theanga oibre ag na Náisiúin Aontaithe – Araibis, Sínis, Béarla, Fraincis, Rúisis agus Spáinnis.
Ghlac eagraíochtaí IAMDLAP * téacs um ilteangachas freisin, dá ngairtear ráiteas Vín.
Tugtar cosaint faoin dlí idirnáisiúnta do shaothar ateangairí comhdhála ó thaobh cóipchirt agus cosaint “maoine intleachtúla” de, nuair a dhéantar an saothar sin a thaifeadadh agus a chaomhnú. Tugann Coinbhinsiún Bheirn cosaint do leasanna na n-údar; tugtar cosaint d'aistriúcháin mar bhunsaothair agus tugtar cosaint d'aistritheoirí mar údair. Má tá saothar an ateangaire comhdhála daingnithe i bhfoirm ábharach, gan beann ar an gcineál, aistriúchán atá sa saothar sin de réir bhrí Choinbhinsiún Bheirn agus tá feidhm ag na cearta eisiacha dá bhforáiltear sa Choinbhinsiún maidir leis an údar. (foinse: AIIC)
* Fóram idirnáisiúnta agus líonra de bhainisteoirí eagraíochtaí idirnáisiúnta a fhostaíonn soláthraithe seirbhísí comhdhála agus teanga is ea IAMLADP (Cruinniú Bliantúil Idirnáisiúnta maidir le Socruithe Teanga, Doiciméadúchán agus Foilseacháin). Tionóltar faoi choimirce na Náisiún Aontaithe é, ach tá na hinstitiúidí Eorpacha páirteach ann freisin.
Caighdeáin Ghairmiúla agus Eitic
Tá nósanna imeachta creidiúnúcháin an-dian ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, ag institiúidí an Aontais Eorpaigh san áireamh, d'ateangairí foirne agus do shaorateangairí araon chun cáilíocht na hateangaireachta a chinntiú.
Earcaíocht chuig an Aontas Eorpach
Earcaíocht chuig na Náisiúin Aontaithe
Tá comhaontú ag Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta (“An Comhaontú”) lena cuid ateangairí buana agus sealadacha ina leagtar amach na rialacha i dtaobh dálaí oibre.
Tá comhaontú eile ann freisin ('La Convention') lena cuid saorateangairí.
Is iomaí gné a chuimsítear le caighdeáin ghairmiúla agus le heitic, luaitear cuid acu anseo i sliocht as doiciméad Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta maidir le heitic:
1) obair foirne: déantar obair ateangaire ar bhonn aonair, ach ní féidir ardcháilíocht a lua léi mura bhfeidhmíonn baill uile na foirne go maith agus comhiarracht eagraithe ar bun acu. Baineann sin leis an meitheal bheag atá ag roinnt botha agus leis an bhfoireann mhór atá ag obair le chéile i gcruinniú. Ba cheart dúinn urraim agus meas a léiriú i gcónaí dár gcomhghleacaithe, do na daoine os ár gcionn agus dár gcustaiméirí. Ba cheart urraim a thabhairt ní amháin don duine ach d’am agus do spás an duine freisin.
2) cúnamh a thairiscint: tá sé ríthábhachtach freisin cúnamh a thabhairt do chomhghleacaithe ach ní haon dóithín é, mar caithfidh a fhios a bheith agat cén uair is ceart agus cén chaoi is ceart an cúnamh a thairiscint. Níor cheart cúnamh a bhrú ar chomhghleacaí ná fearg a ghlacadh leis má dhiúltaítear dár gcúnamh. Tharlódh gur leor mar chúnamh é an t-eolas go bhfuil cúnamh ar fáil más gá. Lena chois sin, den chríonnacht é an sórt cúnaimh atá uainn a chur in iúl dár gcomhghleacaithe, go háirithe má bhraithimid nach bhfuiltear ag cúnamh i gceart linn.
3) sealaíocht: le hurraim a thabhairt do chomhghleacaithe i mbothanna eile ba cheart an cnaipe sealaíochta, nó cainéal B, a úsáid i gceart, i.e. deimhin a dhéanamh de go scaoileann tú an cnaipe sealaíochta tar éis duit retour a dhéanamh chun an cainéal a shaoradh do bhoth theanga A, nó gan an cainéal a “ghoid” ó bhoth atá ag iarraidh retour a chur ar fáil.
4) ullmhúchán le haghaidh cruinnithe: ullmhúchán críochnúil córasach do gach cruinniú a shanntar duit, sin ceann de na dualgais is tábhachtaí atá ort mar ateangairí. Dá mhéad atá ar eolas agat faoi ábhar, faoi chúlra agus faoi théarmaíocht cruinnithe is ea is fearr a chruthóidh tú sa bhoth. Cé go mbíonn am agus dua i gceist le hullmhúchán críochnúil, tá sé ríthábhachtach é a dhéanamh chun ár bpríomhchuspóir a bhaint amach: ateangaireacht ardcháilíochta a dhéanamh.
Tá na cruinnithe ag éirí níos speisialaithe agus níos teicniúla, rud a fhágann go mbíonn an t-ullmhúchán féin do chruinniú ina dhúshlán uaireanta. Ach is go cinnte gur fiú an t-ullmhúchán a dhéanamh agus go gcuideoidh sé linn clú na hardcháilíochta a choinneáil.
5) rúndacht doiciméad: ní mór na doiciméid a dháiltear go leictreonach roimh an gcruinniú, mar aon leis na doiciméid chlóite a chuirtear ar fáil sna bothanna, a chosaint go cuí fiú má tá doiciméad áirithe foilsithe cheana i gcúinsí eile. Ní mór don ateangaire gan cóipeanna de dhoiciméid a fhágáil lasmuigh den bhoth ná leaganacha leictreonacha de dhoiciméid a tharchur lasmuigh de na líonra slána atá ag an Aontas Eorpach. Ní mór don ateangaire gan doiciméid a chóipeáil ná a dháileadh nuair nach bhfuil gá leis agus ní mór dó an prionsabal ‘ar bhonn riachtanas eolais’ a chur i bhfeidhm.
Físeán maidir le hiompraíocht ghairmiúil sa bhoth
Áirítear Cumann Idirnáisiúnta na nAteangairí Comhdhála (AIIC) mar ráthóir cáilíochta agus caighdeán — dálaí oibre san áireamh. Is trí athbhreithniú piaraí agus trí chóras urraíochta a ghnóthaítear ballraíocht in AIIC. Tugann baill AIIC gealltanas go gcloífidh siad le cód diongbháilte maidir le caighdeáin ghairmiúla agus an eitic ghairmiúil.
Caighdeáin ISO maidir leis an ateangaireacht
Bhí Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta bainteach le gach ceann de na caighdeáin a bhain leis an ateangaireacht (seachas an ceann maidir leis an ateangaireacht phobail (13611) ar vótáladh ina leith sula raibh baint ag Ard-Stiúrthóireacht le cúrsaí ISO). Is le stádas idirchaidrimh a fhreastalaímid ar chruinnithe ISO (mar shaineolaithe gan ceart vótála ós rud é nach féidir ach le coistí náisiúnta na dtíortha vóta a chaitheamh) ach is féidir linn labhairt ag na cruinnithe agus tionchar a imirt orthu.
Faoi láthair tá an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (ISO) ag plé caighdeán sonrach don ateangaireacht chomhdhála, agus tá Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta rannpháirteach sa phlé sin.
Is ann do chaighdeán ISO le haghaidh seirbhísí ateangaireachta i gcoitinne; ISO 188841: Seirbhísí ateangaireachta-Riachtanais ghinearálta agus moltaí.
Cloíonn Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta i gcónaí le caighdeáin ISO, cé nach bhfuil ar na hinstitiúidí Eorpacha deimhniú a fháil.
Caighdeáin Theicniúla
Tugann Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta cúnamh chun caighdeáin theicniúla úrscothacha (caighdeáin ISO san áireamh) a fhorbairt agus cloíonn sí leo