Forbairt acmhainneachta sa Rúis
An Rúis
Chuidigh Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta le hionaid barr feabhais a bhunú chun oiliúint a chur ar fáil d’ateangairí comhdhála sa Rúis ar leibhéal máistreachta bunaithe ar mhúnla EMCI (An Mháistreacht Eorpach san Ateangaireacht Chomhdhála).
Comhoibríonn Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta faoi láthair le dhá ollscoil Rúiseacha agus cuireann sí cúnamh oideolaíoch ar fáil dóibh:
- Ollscoil Stát Herzen (Scoil Ateangaireachta agus Aistriúcháin Chathair Pheadair - SCIT) ó 2008 i leith
- Ollscoil Stát Astrakhan ó 2011 i leith.