Físeáin bhréagtástála
Sula ndéanfaidh tú iarratas ar thástáil agus sula dtugann tú faoi, b’fhéidir gur mhaith leat breathnú ar bhréagthástáil.
Óráid bhunaidh agus feidhmíocht an ateangaire
Físeáin eile i dtaca le tástálacha creidiúnúcháin
Tá roinnt scéimeanna ar fáil ag iarrthóirí a roghnaítear chun cabhrú leo ullmhú don tástáil, mar shampla:
An clár lánpháirtíochta
Ieva Zauberga, Ceann Aonad na Laitvise, ag labhairt faoin gclár lánpháirtíochta:
Clár PASS
Is dianchlár idirinstitiúideach oiliúna é PASS, a mhaireann 4 seachtaine agus atá dírithe ar chabhrú le céimithe óga na hateangaireachta ár gcreidiúnú a bhaint amach sna tástálacha.
Rinneadh an cúrsa a reáchtáil le linn an tsamhraidh in 2015 agus 2016. Is ar bhonn riachtanais a chuirtear ar fáil é agus sin an chúis nach mbíonn sé ar siúl gach bliain. Is d'iarrthóirí a oibríonn le teangacha ina bhfuil easpa mór ateangairí, agus dóibh siúd amháin, a thugtar cuireadh cur isteach ar an gcúrsa. Ar bhonn teaglamaí teangacha, iarratais dea-spreagtha agus feidhmíocht sa tástáil réamhroghnúcháin a roghnaítear iarrthóirí.