Skip to main content
Knowledge Centre on Interpretation

Cláraigh leis an Ionad Eolais Ateangaireachta!

Conas cuntas EU Login a chruthú agus do phróifíl úsáideora a chur in eagar.

Cláraigh

Chun logáil isteach san Ionad Eolais Ateangaireachta, is gá duit clárú le EU Login ar dtús.

Tá trí fhéidearthacht ann:

1. Tá cuntas EU Login agat cheana féin agus níl tú logáilte isteach go fóill:

Is féidir leat cliceáil ar an gcnaipe EU Login ar dheis ar bharr an scáileáin agus atreorófar chuig leathanach EU Login thú. Sa chás sin, téigh go díreach chuig Céim 3.

log in bar kci

2. Tá cuntas EU Login agat agus tá tú logáilte isteach cheana féin:

Is féidir leat cliceáil ar EU Login ar dheis ar bharr an scáileáin agus atreorófar go díreach chuig an suíomh thú.

3. Níl cuntas EU Login agat go fóill:

Cliceáil ar an nasc Cuntas EU Login a chruthú ar dheis ar bharr an scáileáin.


CÉIM 1 – Cuntas EU Login a chruthú
Cliceáil ar an nasc Cruthaigh cuntas.

account creation

Cuir do shonraí pearsanta isteach san fhoirm:

  • Céadainm – Is gá d’ainm a líonadh isteach agus ceadaítear litreacha ó gach aibítir;
  • Sloinne – Is gá do shloinne a líonadh isteach agus ceadaítear litreacha ó gach aibítir;
  • Seoladh ríomhphoist – Seoladh ríomhphoist a bhfuil teacht agat air;
  • Deimhnigh an seoladh ríomhphoist – Scríobh do sheoladh ríomhphoist arís lena chinntiú go bhfuil sé cruinn;
  • Teanga na ríomhphost – An teanga atá le húsáid sna ríomhphoist (gan beann ar an teanga atá á húsáid sa chomhéadan). Cinntíonn an méid sin go mbeidh tú in ann na ríomhphoist a thuiscint, fiú má sheoltar trí thimpiste iad. Ní sheolann EU Login ríomhphoist chugat ach amháin ar mhaithe le do chéannacht a chruthú agus le fógra a thabhairt duit faoi theagmhais slándála a théann i bhfeidhm ar do chuntas;
  • Cuir an cód isteach – Trí na litreacha agus na huimhreacha san íomhá a chur isteach, tá tú ag tabhairt le fios gur duine daonna thú atá ag cruthú cuntas dlisteanach. Má tá sé ródheacair an cód a léamh, cliceáil ar an gcnaipe ar a bhfuil dhá shaighead agus cruthófar cód nua duit
  • Cliceáil ar an nasc chun an ráiteas príobháideachais a léamh agus cuir tic sa bhosca chun glacadh leis na coinníollacha;
  • Cliceáil ar Cruthaigh cuntas chun dul ar aghaidh.

Má tá an fhoirm líonta isteach i gceart, seolfar ríomhphost chuig an seoladh a thug tú lena fhíorú go bhfuil teacht agat ar an gcuntas ríomhphoist sin.

Ba cheart go bhfaighfeá ríomhphost i do bhosca isteach tar éis cúpla soicind. Mura bhfuair tú é, seiceáil an fillteán turscair nó an fillteán bruscair.


CÉIM 2 – Pasfhocal a shocrú


Cliceáil ar an nasc sa ríomhphost nó déan é a chóipeáil agus a ghreamú isteach sa bharra seoltaí i do bhrabhsálaí.

account creation mail

Iarrtar ort pasfhocal a roghnú agus ansin é a dheimhniú lena chinntiú nach bhfuil aon bhotún ann.

Tá an réimse ríomhphoist líonta isteach roimh ré agus ní féidir é a athrú.

Ba cheart go mbeadh an seoladh ríomhphoist a thug tú roimhe istigh ann.

Clóscríobh an pasfhocal is mian leat a úsáid sa réimse Pasfhocal nua. Is gá 10 gcarachtar ar a laghad a bheith sa phasfhocal, agus caithfear meascán den mhéid seo a leanas a bheith san áireamh ann:

  • litreacha i gcás uachtair,
  • litreacha i gcás íochtair,
  • uimhreacha agus
  • saincharachtair.

password creation login

Déan do phasfhocal chomh fada agus chomh casta agus is féidir ionas go mbeidh do chuntas níos sláine, ach tabhair do d’aire go mbeidh ort cuimhneamh air.

Clóscríobh do phasfhocal arís in Deimhnigh an pasfhocal nua agus cliceáil Seol.

Tá tú fíordheimhnithe anois agus is féidir leat dul ar aghaidh chuig an tseirbhís atá uait.

Cliceáil Ar aghaidh chun sin a dhéanamh.

 

CÉIM 3 – Logáil isteach
Nuair a bheidh do chuntas EU Login cruthaithe, beidh tú in ann é a úsáid chun líon mór seirbhísí a rochtain. Má bhíonn ort do chuntas a fhíordheimhniú chun na seirbhísí sin a rochtain, cuirfear sin in iúl duit ar scáileán EU Login.

Cuir isteach an seoladh ríomhphoist a thug tú nuair a chruthaigh tú do chuntas EU Login sa réimse Bain feidhm as do sheoladh ríomhphoist agus cliceáil Ar aghaidh.

Cuimhneofar go huathoibríoch ar do phasfhocal ionas nach mbeidh ort dul tríd an gcéim sin an chéad uair eile a mbainfidh tú úsáid as an mbrabhsálaí céanna ar an ríomhaire céanna.

sign in to continue

 

CÉIM 4 – An modh fíorúcháin a roghnú

Beidh ort modh fíorúcháin breise a roghnú anuas ar do phasfhocal. Is féidir modhanna fíorúcháin éagsúla a úsáid ar EU Login: molaimid duit ceann amháin den dá cheann seo a leanas a úsáid i ngeall gurb iad is iomasaí.

Is gá EU Login App a úsáid chun roinnt modhanna fíorúcháin a úsáid. Is feidhmchlár é EU Login App is féidir leat a shuiteáil ar do ghléas móibíleach ó Google Play Store (Android), App Store (iOS) nó Microsoft Store (Windows Phone). Beidh ort an aip a thúsú i dtosach báire. Beidh do chuntas níos sláine má úsáideann tú EU Login App in éineacht leis an bpasfhocal. Is féidir leat teacht ar threoirlínte úsáideacha anseo.

Tabhair do d’aire go bhféadfadh sé nach mbeadh gach modh fíorúcháin ar fáil i gcás seirbhísí áirithe.

 

CÉIM 5 – Do phróifíl úsáideora a chur in eagar

Tar éis duit do chuntas EU Login a chruthú agus logáil isteach san Ionad Eolais Ateangaireachta, beidh tú in ann do phróifíl úsáideora a rochtain agus a chur in eagar. I gcás fadhbanna, scríobh chuig SCIC-KNOWLEDGE-CENTRE@ec.europa.eu.

Cliceáil ar an tsaighead ghorm in aice le d’ainm sa chúinne ag barr an scáileáin ar dheis, agus cliceáil ansin ar Mo chuntas.

header KCI

Is féidir an t-eolas seo a leanas a chur isteach i do phróifíl úsáideora:

  • Céadainm agus sloinne
  • Catagóir (roghnaigh ón liosta)
  • Ról (bosca téacs)
  • Teangacha (roghnaigh ón roghchlár anuas)
  • Do chuntais ar na meáin shóisialta, más mian leat
  • Infheictheacht: má chuireann tú tic sa bhosca seo, beidh úsáideoirí eile in ann tú a aimsiú ar an liosta líonraithe, agus taispeánfar d’ainm sna pobail a bhfuil tú i do bhall díobh. Mura gcuireann tú tic sa bhosca, ní bheidh úsáideoirí eile in ann tú a fheiceáil áit ar bith.
  • Ríomhphost a chur i bhfolach: má chuireann tú tic sa bhosca seo, ní bheidh an cnaipe “Déan teagmháil liom” le feiceáil ar do phróifíl agus, mar sin de, ní bheidh úsáideoirí eile in ann teachtaireachtaí a chur chugat. Mura gcuireann tú tic sa bhosca, taispeánfar an cnaipe “Déan teagmháil liom” ar do phróifíl agus beidh úsáideoirí eile in ann teagmháil a dhéanamh leat trí do chuntais ar na meáin shóisialta nó beidh siad in ann teachtaireachtaí a chur chugat. Seolfar na teachtaireachtaí sin chuig bosca isteach an chuntais ríomhphoist a d’úsáid tú chun do chuntas EU Login a chruthú.
  • Eolas fúm (bosca téacs): scríobh rud éigin faoi do ghairm bheatha, faoi do chuid suimeanna, faoin taithí atá agat... Is féidir leat an modh cumarsáide is rogha leat a chur in iúl d’úsáideoirí eile freisin
  • Íoslódáil pictiúr, más mian leat
  • Cliceáil ar “Sábháil”
Give feedback on this page

mandatory field