Skip to main content
Knowledge Centre on Interpretation

Eolas téamach

Saineolas a fháil agus eolas a chomhroinnt

Pléann ateangairí le raon leathan ábhar casta gach lá agus bíonn orthu smaointe sonracha a thuiscint agus a chur in iúl go comhuaineach agus go mionsonrach le téarmaí beachta ina dteanga féin. Ar an gcúis sin bíonn tacaíocht shaincheaptha ag teastáil uathu chun cuidiú leo cur amach a fháil ní hamháin ar an gcomhthéacs i gcoitinne ach ar shainiúlachtaí topaice, topaic nach mbeadh ach ina cuid bheacht ar leith, b'fhéidir, de mhór-réimse beartais a bheadh á phlé ag an am sna hinstitiúidí agus sna comhlachtaí éagsúla.

Díríonn na cúrsaí téamacha ar na sainiúlachtaí sin agus tugann siad aghaidh ar thopaicí tosaíochta ó dhearcadh an ateangaire.

Díríonn na cúrsaí go ginearálta ar an dlí, ar an eacnamaíocht agus ar an airgeadas, rud a thugann bonn maith eolais agus tuisceana d'ateangairí sna réimsí sin. Ina theannta sin, eagraítear cúrsaí agus seimineáir maidir le saincheisteanna tráthúla a bhaineann le tosaíochtaí an Aontais, e.g. Clár Oibre na gCeannairí, tosaíochtaí institiúideacha, Cláir Oibre an Choimisiúin.

Is féidir cuid de na cúrsaí a phleanáil roimh ré. Cuirtear roinnt cúrsaí agus cuir i láthair éagsúla leo i gcaitheamh na bliana chun na riachtanais a thagann chun cinn a chomhlíonadh de réir mar a chuirtear tionscnaimh éagsúla faoi chaibidil agus eolas cúlra ag teastáil ina leith.

Bíonn dhá chineál cúrsa ar fáil i bprionsabal:

Cúrsaí téamacha le saineolaithe seachtracha mar oiliúnóirí

Sa chatagóir sin, tugann na cúrsaí ina gcuimsítear, mar shampla, eolas ginearálta faoin dlí, faoin ngeilleagar agus faoi chúrsaí airgeadais, anailís dhomhain ar an mbuneolas agus bíonn siad fíor-riachtanach do thromlach na n-ateangairí a bhfuil cúlra teangeolaíoch acu.

Ar an taobh eile, déanann saineolaithe seimineáir théamacha níos speisialaithe a ullmhú agus a thabhairt go cúramach de réir riachtanais na seirbhíse. Is samplaí de chúrsaí dá leithéid sin na cúrsaí an-teicniúil i gCánachas agus i Maoirseacht ar Bhaincéireacht atá bunaithe ar na tosaíochtaí a bheadh ag trí Uachtaránacht an Aontais.

Comhroinnt eolais

Comhroinneann saineolaithe an Choimisiúin agus na Comhairle agus baill foirne na mbuanionadaíochtaí a n-eolas le hateangairí Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta. Tá roinnt ateangairí foirne ann freisin ag a bhfuil saineolas ar leith agus is féidir leo sin a chomhroinnt lena gcomhghleacaithe.

Baineann na cuir i láthair le tosaíochtaí agus tograí reachtacha sonracha an Choimisiúin agus na Comhairle, agus is minic a dhéantar iad i mBéarla, Fraincis nó Gearmáinis nó i dteanga dhúchais na saineolaithe. Is deis iontach iad na himeachtaí comhroinnte eolais d’ateangairí comhoibriú go dlúth le húsáideoirí seirbhísí ateangaireachta.

 

Give feedback on this page

mandatory field