Úsáidtear ateangairí comhdhála in go leor eagraíochtaí idirnáisiúnta. Ní liosta cuimsitheach é seo.
Eagraíochtaí atá bunaithe san Eoraip
Anuas ar an gCoimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa agus an Chúirt Bhreithiúnais, tá na heagraíochtaí a leanas a fhostaíonn ateangairí bunaithe san Eoraip freisin (féach thíos le haghaidh eagraíochtaí na Náisiún Aontaithe atá bunaithe san Eoraip). Bíonn an réim teanga i ngach aon cheann acu éagsúil óna chéile.
- Comhairle na hEorpa (CE) Strasbourg
- Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) An Bhruiséil
- An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) Páras
- An Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) Vín
- Oifig Eorpach na bPaitinní (OEP) München
- Eurocontrol An Bhruiséil
- Europol An Háig
- An Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) An Ghinéiv
- Gluaiseacht Idirnáisiúnta na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg (as a bhfuil an Coiste Idirnáisiúnta (ICRC)- bunaithe sa Ghinéiv)
- An Coiste Oilimpeach Idirnáisiúnta (IOC) Lausanne
- Grúpa na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) An Bhruiséil
Na Náisiúin Aontaithe
Tá Eagraíocht na Náisiún Aontaithe (NA) bunaithe i Nua-Eabhrac, sa Ghinéiv, i Vín agus in Nairobi. Tá na Náisiúin Aontaithe, i dteannta a nGníomhaíochtaí Speisialaithe, a bhfuil cuid acu liostaithe thíos, ar cheann de na fostóirí is mó d’ateangairí comhdhála.
Seirbhís ateangaireachta na Náisiún Aontaithe
- An Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (ILO) An Ghinéiv
- An Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta (FAO) An Róimh
- Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) Páras
- UNICEF Páras
- An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) An Ghinéiv
- An Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (ICJ) An Háig
- An Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (ILO) An Ghinéiv
Eagraíochtaí eile ar fud an domhain
Ar na heagraíochtaí idirnáisiúnta eile a oibríonn le hateangairí comhdhála tá siad seo a leanas
- An Banc Domhanda Washington
- An Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI)
- Roinn Stáit na SA Washington
- Eagraíocht na Stát Meiriceánach (OAS) Washington
- An tAontas Afracach (AA) Addis Ababa
- Banc Forbartha na hAfraice Abidjan
- Comhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice (SADC) Gaborone
- Comhar Eacnamaíochta an Aigéin Chiúin agus na hÁise (APEC) Singeapór
- Mercosur Montevideo