Skip to main content
Knowledge Centre on Interpretation

Ríomhfhoghlaim agus acmhainní ar líne

Bí ag foghlaim áit ar bith, ag am ar bith agus ar do luas féin

Ríomhfhoghlaim

Foghlaim ar do luas féin atá i gceist leis an ríomhfhoghlaim, agus baintear úsáid as teicneolaíochtaí ilmheáin nua mar chuid di. Trí úsáid a bhaint as an Idirlíon cuirtear le cáilíocht na foghlama trí rochtain a éascú ar acmhainní agus ar sheirbhísí, chomh maith le malartuithe cianda agus comhar. Ag baint úsáid as fuaim, grafaicí agus idirghníomhaíocht, tugtar eispéireas ilchéadfach don fhoghlaimeoir lenar féidir tuiscint níos fearr a chur ar an ábhar agus cuimhneamh ar níos mó eolais.

 

Tá forbairt tagtha ar an ríomhfhoghlaim le himeacht na mblianta agus tá réitigh oiliúna níos solúbtha ar fáil anois, an fhoghlaim chumaisc ina measc. Meascán d’fhoghlaim féinluais agus oiliúint sa seomra ranga atá i gceist le foghlaim chumaisc. Is iomaí bealach a mbaintear úsáid as an ngné aghaidh ar aghaidh mar chuid den ríomhfhoghlaim. Bíonn cion éagsúil den oiliúint aghaidh ar aghaidh i gceist le cúrsaí éagsúla.

Tá buntáistí soiléire ag baint leis an ríomhfhoghlaim agus leis an bhfoghlaim chumaisc ó thaobh gníomhaíochtaí tacaíochta gairmiúla a eagrú d’ateangairí in Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta. Tugann siad deis cuid de na deacrachtaí a shárú i dtaca le dátaí oiriúnacha a aimsiú do chúrsaí. Trí shraith seisiún a eagrú leis an modh cumaisc, ní gá do na hateangairí atá ag glacadh páirt i gcúrsa a bheith ar fáil ar an lá céanna agus ag an am céanna ach amháin do na seisiúin sa seomra ranga agus bíonn siad in ann an ríomhfhoghlaim a dhéanamh nuair a oireann sé dóibh.

Faoi láthair tá Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta ag cur lena soláthar ríomhfhoghlama. An ríomhábhar ábhartha a bheidh mar thoradh ar an bhforbairt sin (e.g. cúrsaí ar líne AS na hAteanagaireachta, naisc chuig cúrsaí agus cuir i láthair foinse oscailte, cuir i láthair thaifeadta), cuirfear ar fáil é, a mhéid is féidir, san Ionad Eolais Ateangaireachta.

Give feedback on this page

mandatory field