Skip to main content
Knowledge Centre on Interpretation

Ateangaireacht Seirbhíse Poiblí - Sainmhíniú agus comhthéacs

Cad is ateangaireacht seirbhíse poiblí ann, agus cad is brí léi sa chomhthéacs seo?

Sainmhíniú

Is éard atá i gceist le hateangaireacht seirbhíse poiblí (PSI) “an cineál ateangaireachta a reáchtáiltear idir cónaitheoirí pobail. Déantar í i gcomhthéacs seirbhísí poiblí, nuair nach labhraíonn úsáideoirí na seirbhísí an teanga atá ag tromlach na tíre. Sa bhliain 1995 tháinig daoine ó gach uile cearn den domhan le chéile chun eispéiris a chomhroinnt, díospóireacht a dhéanamh i leith coincheap, agus líonra idirnáisiúnta hibrideach cleachtóirí, teagascóirí agus taighdeoirí maidir le hateangaireacht seirbhíse poiblí a bhunú. D’fhéadfadh coinbhleachtaí ó thaobh ateangaireachta seirbhíse poiblí teacht chun cinn, ós rud é go mbíonn rannpháirtithe idirghníomhaíochtaí a ndéantar ateangaireacht orthu, an t-ateangaire féin san áireamh, aineolach ar riachtanais, róil, cuspóirí agus smaointí a chéile. Bíonn forbairt ag teacht ar thaighde i réimse na hateangaireachta seirbhíse poiblí i gcónaí. Tá géarghá le hoiliúint a chur ar ghairmithe i réimse na hateangaireachta seirbhíse poiblí. Tá sé ríthábhachtach freisin go mbíonn tras-táirgiúlacht idir taighde, oiliúint agus cleachtadh sna cásanna ina mbíonn tionchar ag gach gné ar a chéile.”

Foinse: Hale, S., 'Public service interpreting', in The Oxford Handbook of Translation Studies, eag. K. Malmkjaer agus K. Windle. Oxford University Press, Oxford, RA, lgh. 343-356.

 

Tá ateangaireacht seirbhíse poiblí, chun críche an Lárionaid Eolais seo, ina cineál ateangaireachta a chuireann ar chumas údarás náisiúnta agus réigiúnach cumarsáid a dhéanamh le daoine a bhfuil cúlra imircigh nó dídeanaí acu nach labhraíonn nó nach dtuigeann an teanga/na teangacha náisiúnta (ar dhóigh maith go leor), le go bhféadfaí scagadh a dhéanamh ar a stádas mar iarrthóirí tearmainn (féideartha) nó chun ligean dóibh rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí ar nós seirbhísí cúram sláinte, bardasacha agus póilíneachta. Cumasaítear léi idirphlé soiléir idir an t-imirceach agus údaráis na tíre óstaí, trí chumarsáid dhébhealach a chur ar fáil gan ach aon ateangaire amháin a úsáid.

Comhthéacs

Le blianta beaga anuas, tá méadú tagtha ar mhargadh na seirbhísí ateangaireachta seirbhíse poiblí san Aontas Eorpach, go háirithe ón uair a tháinig méadú suntasach ar líon na n-imirceach. Cuireann Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta an fócas dá réir sin ar ateangaireacht seirbhíse poiblí laistigh de chomhthéacs seo na n-imirceach. Tá fás tagtha ar an éileamh, ach go dtí seo is gairm neamhrialaithe í ateangaireacht seirbhíse poiblí a bheag nó a mhór fós sa mhéid agus nach bhfuil caighdeáin aonfhoirmeacha ann chomh fada agus a bhaineann siad le cáilíocht, le hoiliúint, le heitic, le luach saothair ná le sainmhíniú comhchoiteann. Seachas an téarma ‘ateangaireacht seirbhíse poiblí’, seo na téarmaí eile a bhíonn á n-úsáid ag an am céanna; ateangaireacht phobail, ateangaireacht idirphlé, eadráin chultúrtha nó ateangaireacht ad hoc, a bhíonn á déanamh ag gaol go minic, rud a fhágann go bhféadfadh riosca claontachta a bheith i gceist léi.

Is minic nach mbíonn an oiliúint ghairmiúil is gá ag ateangairí seirbhíse poiblí ná teacht acu ar oiliúint a bheadh aitheanta go forleathan go fiú. Seans go bhfuil an t-easnamh ar líon na n-ateangairí seirbhíse poiblí oilte ar an gcúis a raibh deacrachtaí ag na Ballstáit ateangaireacht a eagrú le linn na sreafaí imirce eisceachtúla in 2015/2016, mar shampla ar láithreacha ardbhrú a cruthaíodh le freagairt chomhpháirteach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Chun an t-easnamh i líon na n-ateangairí seirbhíse poiblí oilte a líonadh, tá tús curtha ag tuilleadh ionaid oideachais agus ollscoileanna le cúrsaí ateangaireachta speisialaithe a fhorbairt. Tá cuid de na heagrais ag brath ar Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta le haghaidh tacaíocht maidir le socrú caighdeán agus chun curaclam a fhorbairt.

Raon feidhme

Is é príomh-shainordú Ard-Stiúrthóireacht Ateangaireachta an Choimisiúin Eorpaigh ateangaireacht chomhdhála a chur ar fáil d’institiúidí an Aontais Eorpaigh. Ní chuimsítear ateangaireacht seirbhíse poiblí laistigh dá raon inniúlachta agus ní aidhm de chuid Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta seirbhísí ateangaireachta seirbhíse poiblí a eagrú nó a chur ar fáil, ar inniúlacht eisiach de chuid Bhallstáit an Aontais Eorpaigh é sin. Is ag na Ballstáit atá an inniúlacht maidir le socrú caighdeán le haghaidh oideachas ateangairí. Is é cuspóir ardán an Lárionaid Eolais díreach spás a chur ar fáil do gheallsealbhóirí chun faisnéis a chomhroinnt agus dea-chleachtais a mhalartú. Féadfaidh sé gur mian le geallsealbhóirí é a úsáid chun pobail chleachtais a chothú agus ar bhonn níos ginearálta chun an cur chuige aníos maidir le socrú caighdeán i réimse na hateangaireachta seirbhíse poiblí a fheabhsú.

Moladh a chur isteach

Dá réir sin tá an chaibidil maidir le hateangaireacht seirbhíse poiblí sa Lárionad Eolais ceaptha mar áit chruinnithe do chách atá bainteach le hateangaireacht seirbhíse poiblí nó a bhfuil spéis acu inti - ateangairí, mic léinn, teagascóirí, taighdeoirí, eagraíochtaí gairmiúla, gníomhaireachtaí agus údaráis phoiblí. Moltar do gheallsealbhóirí faisnéis a chomhroinnt agus ábhar a chur isteach ionas gur féidir bunachar sonraí agus spás cruinnithe le haghaidh geallsealbhóirí ar fud an domhain a chruthú.

An bhfuil tú i do bhall d'eagraíocht ateangaireachta seirbhíse poiblí nach bhfuil luaite? An bhfuil dlí nó cód iompair maidir le réimse na hateangaireachta seirbhíse poiblí ag do réigiún nó ag do thír? Cuidigh linn cur leis an bhfaisnéis atá againn cheana trí leas a bhaint as an bhfoirm aighneachta, ionas gur féidir an t-eolas a chomhroinnt agus a úsáid ar bhonn níos fairsinge!

Chun dul i bpáirt i bpobal nó pobal a chruthú, gabh chuig an Spás Comhoibríoch - Pobail

Give feedback on this page

mandatory field