Skip to main content
Knowledge Centre on Interpretation

Míniú ar chineálacha eile ateangaireachta

Ateangaireacht a úsáidtear i suíomhanna eile

Cineálacha eile ateangaireachta

Is é atá i gceist leis an rannán seo áit chruinnithe a chur ar fáil faoi chineálacha ateangaireachta seachas an ateangaireacht chomhdhála. Is iomaí cineál ateangaireachta atá ann a riarann ar réimsí éagsúla, cuir i gcás ateangaireacht don chúram sláinte, do sheirbhísí póilíneachta nó i limistéir choimhlinte. Leis an ardán seo díreofar, sa chéad chéim, ar na cineálacha ateangaireachta sin a meastar a dtábhacht phraiticiúil a bheith ag méadú i dtírdhreach polaitiúil atá athraithe. Le blianta beaga anuas, de bharr an mhéadaithe atá tagtha ar an tsoghluaisteacht agus ar an imirce, tá éileamh níos airde ann ar ateangairí cáilithe sna seirbhísí poiblí náisiúnta agus réigiúnacha go háirithe. Baineann dúshlán freisin le freastal ar na riachtanais maidir le hateangaireacht cháilíochtúil i suíomhanna dlíthiúla. Thar aon ní eile, is faoi inniúlacht Bhallstáit an Aontais Eorpaigh atá na cineálacha ateangaireachta sin. Mar sin féin, féadfaidh sé go mbeidh an t-ardán seo ina chuidiú chun plé a éascú agus chun saineolas agus crostoirchiú a chothú laistigh de phobal na hateangaireachta agus le páirtithe leasmhara eile.

Cé air a bhfuil sé dírithe?

Cuireadh an t-ardán seo ar bun do gach duine a bhfuil baint acu le réimse na hateangaireachta seirbhíse poiblí agus le réimse na hateangaireachta dlíthiúla – ateangairí, mic léinn, múinteoirí, oiliúnóirí, taighdeoirí, mar aon le heagraíochtaí gairmiúla, institiúidí a chuireann cúrsaí ar fáil agus údaráis phoiblí.

Conas a oibríonn sé?

Tá an t-ardán roinnte de réir réimse; tá réimse ann le haghaidh gach ceann de na cineálacha éagsúla ateangaireachta. I ngach réimse, iarrtar ar rannpháirtithe cabhrú linn an t-eolas faoi pháirtithe leasmhara, rialacháin agus cleachtais a chomhlánú.

Ar a bharr sin, is féidir le húsáideoirí pobail a bhunú chun plé a dhéanamh ar a rogha ábhar agus chun ábhar atá nasctha leis an dá réimse a mholadh le haghaidh foilsiú. An t-ábhar a mholtar le haghaidh foilsiú, féadfaidh sé gur staidéir acadúla ábhartha iad, nó scéalta ratha nó naisc eile ar díol spéise iad, agus is féidir iad a sholáthar i dteanga ar bith. Is ar na húsáideoirí atá ábharthacht an ardáin ag brath.

Give feedback on this page

mandatory field