Skip to main content
Knowledge Centre on Interpretation

Comhlachais idirnáisiúnta agus gairmiúla

Cuidíonn comhlachais idirnáisiúnta agus ghairmiúla le comhroinnt na gcleachtas is fearr agus déanann siad cosaint ar ghairm na hateangaireachta.

Ní liosta cuimsitheach é seo. Áirítear leis ár gcomhpháirtithe traidisiúnta i saol na hateangaireachta comhdhála. Le haghaidh comhpháirtithe eile féach teanga chomharthaíochta chomhdhála, seirbhís phoiblí agus ateangaireacht dhlíthiúil.

Comhlachais Ghairmiúla

AIIC - “Association Internationale d'Interprètes de Conférence”

Is é AIIC an t-aon chomhlachas domhanda d’ateangairí comhdhála, agus beireann siad breis agus 3,000 gairmí, atá liostaithe in eolaire, le chéile ó gach mór-roinn. Le breis agus 60 bliain, tá AIIC ag cur ardchaighdeáin cáilíochta agus eitice chun cinn sa ghairm agus ag déanamh ionadaíochta do leasanna a chleachtóirí. Is é aidhm ghníomhaíochtaí agus thionscadail AIIC cuidiú le cleachtóirí agus leis an bpobal domhanda ateangairí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a ghabhann le domhan a bhíonn ag athrú go mear.

FIT - “International Federation of Translators”

Is grúpáil idirnáisiúnta de chomhlachais aistritheoirí, ateangairí agus téarmeolaithe í FIT. Tá breis agus 100 comhlachas gairmiúil agus institiúid oiliúna cleamhnaithe ann, agus iad ag déanamh ionadaíochta do bhreis agus 80,000 aistritheoir in 55 tír. Is é cuspóir na Cónaidhme gairmiúlacht a chur chun cinn sna disciplíní dá ndéanann sí ionadaíocht.

EST - “European Society for Translation Studies”

Bunaíodh an Cumann i Vín in 1992 agus tá comhaltaí aige anois i mbreis agus 46 tír. Feidhmíonn sé mar líonra taighde, fóram malartuithe, agus mar lárionad le haghaidh acmhainní taighde. Is iad na haidhmeanna, de réir mar atá sonraithe ina Bhunreacht, taighde ar aistriúchán agus ar ateangaireacht a chothú, breisoideachas a chur chun cinn le haghaidh teagascóirí aistriúcháin agus ateangaireachta, comhairle a chur ar fáil maidir le hoiliúint aistritheoirí agus ateangairí agus teagmhálacha idir aistritheoirí agus ateangairí agus institiúidí acadúla ábhartha a éascú. Is líonra idirnáisiúnta scoláirí aistriúcháin agus ateangaireachta é EST.

Líonra agus comhlachais idirnáisiúnta

IAMLADP ​- An Cruinniú Bliantúil Idirnáisiúnta maidir le Socruithe Teanga, Doiciméadacht agus Foilseacháin

Chuir Ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe IAMLADP ar bun 35 bliana ó shin. Is fóram idirnáisiúnta agus líonra bainisteoirí é le haghaidh eagraíochtaí idirnáisiúnta a fhostaíonn soláthraithe seirbhíse comhdhála agus teanga – aistritheoirí agus ateangairí den chuid is mó. Is deis é cruinniú bliantúil IAMLADP d'eagraíochtaí IAMLADP bualadh san áit chéanna, amharc siar ar an obair atá déanta ag na grúpaí Oibre (GOanna) agus ag na Tascfhórsaí (TFanna) éagsúla, faisnéis, smaointí agus na cleachtais is fearr a mhalartú agus líonrú a dhéanamh le chéile. 

Tá ardchlú ar Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta i measc chomhaltaí eile IAMLADP, go háirithe as ucht an Ghrúpa Oibre maidir le gníomhaíochtaí oiliúna a bunaíodh de dhroim mholadh ó Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta. Is é an príomhchúram atá ar an nGrúpa Oibre sin soláthar imleor céimithe gairmiúla san ateangaireacht a chinntiú. Ó bhí 2015 ann, tá Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta ina cathaoirleach ar an Tascfhórsa maidir le Comhfhiontair Oiliúna.

CIUTI - “Conférence Internationale Permanente d'Instituts Universitaires de Traducteurs et Interprètes”

Ba sa bhliain 1960 a cuireadh CIUTI ar bun, agus tá sé ar an gcomhlachas idirnáisiúnta is sine agus is mó le rá d'institiúidí ollscoile ag a bhfuil cláir aistriúcháin agus ateangaireachta. Is gá dianchritéir cháilíochta a chomhlíonadh chun ballraíocht a bhaint amach, ballraíocht ar séala cáilíochta ar leith í.

Tugtar cuireadh d’Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta go rialta freastal ar chruinnithe CIUTI.

HINTS - “Heads of Interpreting Services”

Is líonra domhanda de Chinn Seirbhísí Ateangaireachta é HINTS, líonra a cruthaíodh in 2006 agus é mar aidhm aige na cleachtais is fearr a mhalartú. 

Tugann na baill comhairle agus cúnamh dá chéile maidir le ceisteanna práinneacha agus fanann siad i dteagmháil lena chéile go leictreonach.

Is iad na páirtithe leasmhara: Grúpa Bhanc Forbartha na hAfraice, ARTE, Comhairle na hEorpa, na hInstitiúidí Eorpacha, Eurocontrol, Bundestag na Gearmáine, Eagraíocht na bPaitinní Eorpacha, Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, Aireacht Cosanta Chónaidhm na Gearmáine, Biúró Aistriúcháin Rialtas Cheanada, an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, Binse Coiriúil Idirnáisiúnta don Iar-Iúgsláiv, an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh, Coláiste Cosanta Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh, an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, Ardrúnaíocht Phobal an Aigéin Chiúin, an Binse Speisialta don Liobáin, UNESCO, na Náisiúin Aontaithe, Roinn Stáit na Stát Aontaithe, Grúpa an Bhainc Dhomhanda, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, an Eagraíocht Dhomhanda Turasóireachta agus an Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta.

Glacann Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta páirt in HINTS chun comhoibriú le seirbhísí teanga eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, go háirithe i réimse na hateangaireachta.

Give feedback on this page

mandatory field