Skip to main content
Knowledge Centre on Interpretation

Ateangaireacht chomharthaíochta sa tseirbhís phoiblí

Ateangaireacht ó theangacha comharthaíochta agus go teangacha comharthaíochta sa tseirbhís phoiblí

Ateangaireacht chomharthaíochta sa tseirbhís phoiblí

Is iomaí cineál comhthéacs atá sa tseirbhís phoiblí agus oibríonn ateangairí comharthaíochta i gcás ar bith inar mian le daoine atá bodhar, daoine a bhfuil deacrachtaí éisteachta acu agus daoine atá bodhar agus dall, agus a úsáideann comharthaíocht, inar mian leo cumarsáid a dhéanamh leo siúd nach bhfuil eolach ar a dteanga chomharthaíochta. I measc na gcomhthéacsanna sin tá cruinniú tuismitheoirí is múinteoirí i scoil linbh a bhfuil éisteacht aige agus a bhfuil tuismitheoir aige atá bodhar, comhairliúchán leighis, agus sochraidí.

Le haghaidh cruinnithe gearra a mhaireann uair an chloig nó níos lú, cruinnithe nach bhfuil aon riachtanais speisialta ag baint leo, de ghnáth bíonn ateangaire amháin ann leis an ateangaireacht a chur ar fáil. Más cruinniú níos faide atá i gceist, cuir i gcás cruinniú halla an bhaile, bíonn beirt ateangairí ar a laghad de dhíth.

Mar an gcéanna le teangacha labhartha, níl teangacha comharthaíochta uilíoch. Sula gcuirfear seirbhísí ateangaireachta in áirithe, is gá i gcónaí na teangacha comharthaíochta agus na teangacha labhartha a bheidh in úsáid ag an gcruinniú a fhiosrú. Go minic is fearr le húsáideoir teanga comharthaíochta a bheith ag plé le hateangaire comharthaíochta ar leith lena n-oibríonn sé go minic. Nuair atá an t-eolas sin faighte, chomh maith le cur síos ar ábhar an chruinnithe, is féidir ateangaire a iarraidh. Is saineolaithe iad na hateangairí agus is daoine iad atá oilte i líon mór ábhar. Déan cinnte i gcónaí, áfach, sula gcuirfear ateangaire in áirithe, go bhfuil cáilíocht náisiúnta ag an duine sin agus go bhfuil sé nó sí in ann ateangaireacht a dhéanamh ar an ábhar sonrach.

 

Tá reachtaíocht nó rialacháin i bhfeidhm in go leor Ballstát den Aontas lena dtugtar teidlíocht do dhaoine atá bodhar, daoine a bhfuil deacrachtaí éisteachta acu nó daoine atá bodhar agus dall i leith na hateangaireachta comharthaíochta. Tá raon na seirbhísí a chuirtear ar fáil éagsúil i ngach tír, agus i gcásanna áirithe bíonn raon an-teoranta i gceist, mar shampla líon na n-uaireanta d’ateangaireacht saor in aisce a cheadaítear, nó infhaighteacht na n-ateangairí.

Mar gheall gur cruinnithe duine le duine iad na comhthéacsanna seirbhíse poiblí go minic, glacann daoine nach bhfuil cleachta leis an ateangaireacht chomharthaíochta leis go bhfuil an t-ateangaire ag glacadh páirt sa chruinniú. Ach is chun cumarsáid a éascú a bhíonn an t-ateangaire comharthaíochta i láthair agus ní bhíonn sé ag glacadh páirt go díreach sa chomhrá.

Tá roinnt eolais bailithe againn freisin maidir le hateangaireacht chomharthaíochta chomhdhála agus ateangaireacht chomharthaíochta i gcomhthéacsanna dlí.

Give feedback on this page

mandatory field