Skip to main content
Knowledge Centre on Interpretation

An Chian-ateangaireacht

Dúshlán COVID

Faoi mar a bhí i gcás beagnach gach earnála, bhí tionchar suntasach ag paindéim COVID-19, a bhris amach den chéad uair i mí an Mhárta 2020, ar an dóigh ar fheidhmigh agus a bhfeidhmíonn Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta (SCIC).

Roimh an bpaindéim is go pearsanta a reáchtáladh formhór na gcruinnithe, agus rannpháirtíocht ann ó am go chéile trí mheán físchomhdhála i gcás líon an-teoranta cainteoirí. Chuir SCIC cian-ateangaireacht ar fáil freisin trí chórais físchomhdhála le haghaidh béilí oibre chruinnithe mullaigh na Comhairle Eorpaí.

Ó mhí an Mhárta 2020 i leith, mar gheall ar shrianta taistil agus ar bhearta sláintíochta, is í an rannpháirtíocht chianda an t-aon réiteach atá ann le haghaidh go leor cruinnithe. Dá bhrí sin, b’éigean do SCIC bearta a dhéanamh chun freagairt ar an ngéarchéim sin trí na huirlisí is gá a ghlacadh chun ateangaireacht a tharchur chuig na rannpháirtithe cianda. Bearta riachtanacha leanúnachais gnó ab ea iad sin chun go bhféadfaidh SCIC a mhisean a chomhlíonadh chun gur féidir cinntí ilteangacha a dhéanamh sa Choimisiún Eorpach agus in institiúidí eile an Aontais Eorpaigh, tráth a raibh sé sin ag teastáil go mór ó shaoránaigh den Aontas. In 2019 rinne SCIC anailís ar na hArdáin Soláthair le haghaidh Ateangaireacht Chomhuaineach (SIDPanna) atá ar fáil ar bhonn tráchtála, d’fhonn a gcuid buntáistí agus míbhuntáistí a thomhas agus chun cásanna a shainiú ina bhféadfaí úsáid a bhaint as na hardáin réamhráite i samhail seachadta a bhí an-difriúil an t-am sin.

I mí Aibreáin/Bealtaine 2020, ag tógáil ar thorthaí na hanailíse réamhráite, roghnaigh SCIC Interactio mar an SIDP is oiriúnaí dá riachtanais agus chomhtháthaigh sé isteach é sa bhonneagar closamhairc ina sheomraí cruinnithe, ina bhfuil bothanna ateangaireachta caighdeánacha atá i gcomhréir le hEagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán (ISO). Leis an réiteach sin, is féidir le hateangairí SCIC a bheith ag obair ó na saoráidí ar a bhfuil cleachtadh acu, trí úsáid a bhaint as na córais chomhdhála úrscothacha atá ag institiúidí an Aontais Eorpaigh.
An 4 Bealtaine 2020 cuireadh tús rathúil le soláthair ateangaireachta trí Interactio ag an gComhdháil Gealltanais maidir leis an bhFreagairt Dhomhanda ar an gCoróinvíreas, imeacht ardleibhéil a raibh sé theanga ann agus a d’eagraigh an tUachtarán Ursula von der Leyen agus ar a ndearna sí cathaoirleacht. Bailíodh níos mó ná €15.9 billiún ina ghealltanais a rinneadh le haghaidh rochtain uilíoch ar thástálacha, ar chóireálacha agus ar vacsaíní i gcoinne an choróinvíris agus le haghaidh an téarnaimh dhomhanda. Ó shin i leith, tá Interactio á chur i bhfeidhm go seasta sa Choimisiún Eorpach agus tá líon na seomraí cruinnithe a bhfuil an SIDP iontu ag dul i méid i gcónaí. A luaithe a thosaigh SCIC ag úsáid na n-uirlisí sin i mí na Bealtaine, ghlac sé socruithe oibre sealadacha géarchéime don ateangaireacht chomhuaineach nó iaruaineach a sholáthraítear trí SIDPanna nó trí uirlisí físchomhdhála, rudaí a measadh a bheith riachtanach chun tionchar na dteorainneacha teicniúla agus úire na n-uirlisí a mhaolú.

I gcomhréir leis na socruithe géarchéime eatramhacha sin, mhéadaigh SCIC an líon ateangairí a chomhroinneann an t-ualach oibre agus an líon sosanna, chuir sé teorainn leis an am oibre sa bhothán, agus rinne sé foráil d’fhoirne fóirithinte chun na hateangairí a bhain amach an teorainn ama sin a fhuascailt. Glacadh na socruithe eatramhacha géarchéime sin i gcomhaontú le hionadaithe foirne SCIC agus tugadh cothrom le dáta iad i mí na Nollag 2020 chun an taithí a fuarthas go dtí sin a chur san áireamh.
Ó cuireadh SIDPanna agus uirlisí físchomhdhála corparáide eile i bhfeidhm, tá dea-chleachtais sainaitheanta ag SCIC agus tá sé tar éis iad sin a chomhroinnt le cathaoirligh cruinnithe, rannpháirtithe cruinnithe agus bainisteoirí cruinnithe ar go leor bealaí éagsúla. Tá treoirlínte eisithe ag SCIC i ngach teanga den Aontas ina bhfuil comhairle maidir leis na naisc idirlín, le trealamh TF na rannpháirtithe agus le nósmhaireacht cruinnithe, agus chomhroinn sé iad sin go forleathan le húsáideoirí uile a chuid seirbhísí. Tá gearrthóg físe ghairid ullmhaithe aige ina dtugtar leideanna chun páirt a ghlacadh go rathúil i bhfíschomhdháil ina bhfuil ateangaireacht á déanamh, rud a comhroinneadh go forleathan ar na meáin shóisialta.

Give feedback on this page

mandatory field