Skip to main content
Knowledge Centre on Interpretation

Uirlisí oiliúna

Uirlisí agus acmhainní oiliúna ar líne i dtaobh ateangaireachta do mhic léinn agus d’oiliúnóirí na hateangaireachta comhdhála

Tá go leor acmhainní éagsúla ann mar aon le huirlisí oiliúna ar líne atá ar fáil do mhic léinn ateangaireachta agus d’ateangairí gairmiúla.

Ní liosta cuimsitheach é seo. Déan teagmháil linn dá mba mhaith leat suíomh eile a mholadh don rannán seo.

Uirlisí Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta

Rinne Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta roinnt uirlisí oiliúna a fhorbairt thar na blianta chun cuidiú le mic léinn agus le hoiliúnóirí na hateangaireachta comhdhála.

An Stór Óráidí

Sa Stór Óráidí áirítear níos mó ná 3,000 óráid i 30 teanga chun ateangaireacht chomhdhála a chleachtadh. Bíonn rochtain iomlán oscailte air ionas gur féidir le haon duine é a úsáid chun éisteacht le teangacha éagsúla nó an ateangaireacht a chleachtadh.

Mo Stór Óráidí

Chruthaigh Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta Mo Stór Óráidí, cuid shrianta den Stór Óráidí, ina bhfuil feidhmiúlachtaí breise dár n-ollscoileanna comhpháirtíochta, d’eagraíochtaí idirnáisiúnta agus do na hateangairí foirne agus na saorateangairí a oibríonn d’institiúidí an Aontais.

 

Cuireann Mo Stór Óráidí ar chumas úsáideoirí idirghníomhú le chéile trí chuirí a chur amach chun leaganacha ateangaireachta ar óráidí ó Mo Stór Óráidí a thaifeadadh. Tá an méid sin indéanta mar gheall ar an uirlis taifeadta “SCICrec”. Le SCICrec, is féidir le húsáideoirí éisteacht leis an óráid bhunaidh agus leis an taifeadadh ag an am céanna trí dhá chainéal fuaime. Is féidir leo an comhad a chomhroinnt le húsáideoirí eile freisin agus aiseolas a iarraidh orthu.

Mo Bhailiúcháin

Is gné nua laistigh de Mo Stór Óráidí é Mo Bhailiúcháin. Cuireann an rannán seo ar chumas ollscoileanna agus eagraíochtaí, a bhfuil teacht acu ar Mo Stór Óráidí, ach faoi réir ag faomhadh ó Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta, a mbainc óráidí príobháideacha féin a chruthú agus ag an am céanna na feidhmiúlachtaí uile a ghabhann le Mo Stór Óráidí a choimeád.

Is féidir leat scríobh chugainn ag an seoladh ríomhphoist a leanas SCIC-Speech-Repository@ec.europa.eu dá mba mhaith leat do bhailiúchán féin a thosú.

SCICtrain

Ar mheabhraigh tú riamh conas mar a n-éireodh le hateangaire gairmiúil i gcleachtadh ateangaireachta? Ar mhaith leat amharc orthu i mbun cleachtaidh, ag fáil aiseolais agus ag plé deacracht óráide nó na straitéisí a d’úsáid siad i leith cainteora? Is bailiúchán físeán é SCICtrain ina léirítear díreach é sin. Aimseoidh tú físeáin faoin dóigh ar féidir cleachtadh a dhéanamh, teanga a chur le do theaglam teangacha nó pas a fháil i dtástáil chreidiúniúcháin.

 

 

Podchraoltaí

Éist le hateangairí gairmiúla de chuid an Aontais ag labhairt faoina dtaithí ar an ngairm seo.

 

Ábhair oiliúna Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta

Tá roinnt ábhar oiliúna forbartha ag Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta ar féidir lena hateangairí a úsáid nuair a thugann siad cuairteanna ar ollscoileanna chun cúnamh teagaisc a chur ar fáil.

ORCIT

Is leabharlann phoiblí ar líne í ORCIT le haghaidh saincheisteanna teagaisc agus foghlama i dtaobh na hateangaireachta in 8 dteanga. Rinne roinnt ollscoileanna Eorpacha éagsúla an tionscadal seo a fhorbairt, le tacaíocht airgeadais ón gCoimisiún Eorpach.

 

Speechpool

Is suíomh comhoibríoch é Speechpool ina ndéanann úsáideoirí óráidí a thaifeadadh i roinnt teangacha agus iad a fhoilsiú le gur féidir le daoine eile iad a úsáid le haghaidh cleachtaidh.

 

Eile

The Interpreter Coach

Is iad na daoine céanna a chruthaigh Speechpool a chuireann an suíomh seo ar fáil. Is suíomh nua é seo ar a gcuirtear cóitseáil agus tacaíocht ar líne ar fáil do mhic léinn, d’ateangairí gairmiúla agus d’oiliúnóirí.

Acmhainní Oiliúna d’Ateangairí

Ceapadh an suíomh seo mar chomhthiomsú ábhair agus nasc óna bhféadfadh ábhair ateangairí comhdhála agus a n-oiliúnóirí cabhair phraiticiúil dhíreach a fháil.

Interpreting.info

Suíomh ceisteanna agus freagraí maidir le hateangaireacht.

A word in your ear

Stór mór físeán faoi ghairm na hateangaireachta arna chruthú ag Lourdes de Rioja.

Calliope Interpreters - acmhainní

Is grúpa domhanda soláthraithe seirbhíse ateangaireachta é Calliope, a bhfuil siad go léir creidiúnaithe leis na Náisiúin Aontaithe nó leis an Aontas Eorpach nó leis an dá eagraíocht araon.

The Interpreter Diaries

Blag maidir le hateangaireacht le saorateangaire a oibríonn don Aontas Eorpach.

Blag maidir le hateangaireacht - Ollscoil Glendon

Leideanna do mhic léinn ateangaireachta.