Skip to main content
Knowledge Centre on Interpretation

Ateangaireacht Leantach

Cad is ateangaireacht iaruaineach ann? Cad atá i gceist léi?

Ateangaireacht leantach

Is cur síos an-ghairid é seo ar an ateangaireacht leantach dóibh siúd nach bhfuil taithí acu uirthi, agus ní mhaítear go gclúdaítear gach rud ann. Tá líon mór leabhar ann maidir le hateangaireacht leantach i gcoitinne agus maidir le breacadh nótaí go sonrach, inar féidir faisnéis i bhfad níos mionsonraithe a aimsiú.

Is mód ateangaireachta é ateangaireacht leantach ina dtugann an cainteoir óráid (nó ina ndeir sé abairt nó dó) fad agus a bhíonn an t-ateangaire ag breacadh nótaí. Ansin déanann an t-ateangaire aithris ar a bhfuil ráite ag an gcainteoir don lucht éisteachta. De ghnáth bíonn sé ina sheasamh nó ina shuí gar don chainteoir, úsáideann sé peann agus pár chun nótaí a bhreacadh agus úsáideann sé an micreafón (má tá ceann ar fáil) dá sheal labhartha féin nuair atá an cainteoir críochnaithe.

Le bheith i d’ateangaire leantach maith ní mór duit a bheith in ann éisteacht go han-ghníomhach, anailís a dhéanamh ar a bhfuil á rá ag an gcainteoir, nótaí úsáideacha a bhreacadh a bheidh ina gcuidiú an óráid a thabhairt chun cuimhne duit agus tú á haithris, agus ina theannta sin ní mór duit a bheith in ann an óráid a chur i láthair i do theanga ghníomhach amhail is go mba thusa údar na hóráide.

Is iad seo a leanas na trí phríomhghníomhaíocht a bhíonn i gceist:

1) éisteacht go gníomhach (tuiscint)

2) anailísiú (nótaí struchtúrtha a bhreacadh)

3) aithris (cur in iúl)

Bíonn roinnt scileanna éagsúla i gceist – anuas ar thuiscint ar an teanga éighníomhach/iasachta.

Bíonn ar ateangaire leantach foghlaim ar dtús conas ‘éisteacht go gníomhach’. Seans go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil sé sin simplí go leor ach éisteann ateangairí le daoine eile ar dhóigh thar a bheith difriúil (mar an gcéanna éisteann síocanailísí ar dhóigh speisialta le daoine agus iad ag caint) – ar an ábhar go bhfuil cuspóir na héisteachta difriúil. Ní bhíonn ateangairí ag éisteacht chun freagra a thabhairt nó chun páirt a ghlacadh sa chomhrá, bíonn siad ag éisteacht ionas gur féidir leo a raibh ráite i dteanga eile a thabhairt i gcuimhne agus a aithris go cruinn dílis (agus bíonn síceolaithe ag éisteacht le haghaidh leideanna maidir le staid mheabhrach a n-othair).

D’fhonn a bheith in ann an scil speisialta sin a fhoghlaim múintear d’ateangairí i dtús báire conas aithris a dhéanamh ar óráid gan nótaí a bhreacadh. Sa Stór Óráidí tá roinnt samplaí de na cineálacha óráidí sin faoin gcatagóir bhunúsach agus faoin gcatagóir do thosaitheoirí. Ní fhoghlaimeoidh siad conas nótaí a bhreacadh go bhfaighidh siad máistreacht ar an méid sin.

Tá breacadh nótaí mar chuid den dara céim den ‘anailísiú’ – chuige sin is gá an cumas a bheith ag duine eolas a chur in ord tosaíochta agus idirdhealú a dhéanamh idir an buneolas agus an t-eolas tánaisteach, ionas gur féidir a bhfuil ráite, cé a dúirt é, cathain ar tharla rud éigin, (cé, céard, cathain, cá háit, conas), tuairim an chainteora etc. a bhreacadh síos go soiléir. Sna físeáin SCICtrain tá caibidil iomlán ann atá tiomanta don ateangaireacht leantach. Tá modúil ar shuíomh gréasáin ORCIT maidir le hateangaireacht leantach agus tá ábhar oiliúna de chuid AS na hAteangaireachta ar an ardán sin freisin.

Bíonn roinnt scileanna éagsúla i gceist leis an tríú céim, i.e. an chéim deiridh, den “aithris” ar a bhfuil cloiste – an cumas rochtain a fháil ar chuimhne ghearrthéarma, nótaí a thuiscint, cumarsáid a dhéanamh ar bhealach mealltach gan ach trácht ar chuid de na scileanna. Bíonn bainistíocht struis agus cúram gutha ina chuid thábhachtach de sin freisin.

Ní mór gach ceann de na scileanna éagsúla sin a fhoghlaim. Ní ateangaire thú díreach toisc gur féidir leat níos mó ná teanga amháin a labhairt; tá sé i bhfad níos casta ná sin. Tá líon mór ollscoileanna ann a chuireann cúrsaí san ateangaireacht chomhdhála ar fáil.

Give feedback on this page

mandatory field