Skip to main content
Knowledge Centre on Interpretation

Ateangaireacht chomharthaíochta i suíomhanna dlíthiúla

Ateangaireacht ó agus go teangacha comharthaíochta i suíomhanna dlíthiúla

Ateangaireacht chomharthaíochta i suíomhanna dlíthiúla

Bíonn ateangairí comharthaíochta ag obair i suíomhanna dlíthiúla, ón gcúirt go dtí an stáisiún póilíní. Bíonn ateangaire comharthaíochta faoi cheangal ag cód iompair ghairmiúil. Bíonn ateangairí faoi cheangal ag oibleagáidí rúndachta agus is é an t-aon tasc atá acu an ateangaireacht cheart a sholáthar, ó thaobh teanga agus cultúir de.

Ní mór d’ateangairí comharthaíochta a bheith cáilithe chun obair a dhéanamh i suíomhanna dlíthiúla. Is féidir sin a fhíorú tríd an gcartlann náisiúnta d’ateangairí dlíthiúla na tíre nó trí chóras náisiúnta eile den chineál céanna lena ndearbhaítear cáilíocht na n-ateangairí.

 

Tá reachtaíocht náisiúnta ag cuid mhór tíortha a leagann síos go bhfuil daoine atá bodhar, ag a bhfuil deacrachtaí éisteachta nó atá bodhar agus dall agus a úsáideann teanga chomharthaíochta, go bhfuil na daoine sin i dteideal ateangaire comharthaíochta gairmiúil cáilithe in imeachtaí coiriúla. Ar a bharr sin, le Treoir 2010/64/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 bunaítear rialacha comhchoiteanna íosta le haghaidh thíortha an Aontais Eorpaigh maidir leis an gceart chun ateangaireachta agus aistriúcháin in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí a bhaineann le barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú.

Luaitear an méid seo a leanas sa tionscadal JUSTISIGNS [1], atá á mhaoiniú ag Coimisiún an Aontais Eorpaigh é:

Nuair a chuirtear an dlí i bhfeidhm, úsáidimid samhlacha beartais shóisialta, eolas faoi iompraíocht agus moráltacht chultúrtha an mhóraimh, toimhdí faoi úsáid teanga coitinne agus toimhdí faoi chur i bhfeidhm na bhfasach dlíthiúil. I gcás daoine bodhra i suíomhanna dlíthiúla, ní bhíonn aon cheann de na toimhdí sin oiriúnach. Dá réir sin, an maíomh go bhforáiltear sa chóras ceartais maidir le cearta an duine aonair a chosaint, caitear amhras ar an maíomh sin nuair a dhéantar talamh slán de go mbíonn an rochtain chéanna ag daoine bodhra ar an gcóras dlí agus a bhíonn ag daoine nach bhfuil bodhar agus go mbíonn na torthaí céanna acu chomh maith.

Tá cúiseanna sonracha leis an bhfadhb sin aitheanta ag JUSTISIGNS:
An easpa stádais, nó an stádas teoranta, a thugtar do theangacha comharthaíochta, rud a chuireann srian ar dhaoine bodhra rochtain iomlán a fháil ar eolas ag gach céim den phróiseas dlí;
An tuiscint theoranta atá ann i suíomhanna dlíthiúla ar na srianta a bhaineann le próiseas na hateangaireachta sa chomhthéacs dátheangach, agus freisin na dúshláin bhreise a thagann chun cinn nuair a bhítear ag obair idir teanga labhartha (comhthéacs éisteachta-briathartha) agus teanga chomharthaíochta (comhthéacs radhairc-spásúil);
An easpa tuisceana (i measc gairmithe dlí) ar an gcúlra oideachais agus cultúir stairiúil atá ag daoine bodhra, easpa tuisceana dá dtagann dúshláin i suíomhanna dlíthiúla.

Léiríonn an méid sin an tábhacht a bhaineann lena bheith in ann ateangairí comharthaíochta cáilithe a chur ar fáil do dhaoine a úsáideann teanga chomharthaíochta i suíomhanna dlíthiúla.

Tá roinnt eolais bailithe againn freisin maidir le hateangaireacht chomharthaíochta chomhdhála agus ateangaireacht chomharthaíochta i suíomhanna seirbhíse poiblí.

 

[1] www.justisigns.eu Tionscadal maidir le hinniúlachtaí a aithint le haghaidh ateangaireacht chomharthaíochta i suíomhanna dlíthiúla agus maidir le hoiliúint a sholáthar d’ateangairí comharthaíochta cáilithe, agus dóibh sin atá le cáilíocht a bhaint amach, sa réimse sin