Skip to main content
Knowledge Centre on Interpretation

Forbairt acmhainneachta

Tacaíocht do chúrsaí ateangaireachta comhdhála lasmuigh den Aontas

Forbairt acmhainneachta

Oibríonn Ard-Stiúrthóireacht Ateangaireachta an Choimisiúin Eorpaigh i gcomhar le húdaráis riaracháin phoiblí agus ollscoileanna i dtíortha comhpháirtíochta lasmuigh den Aontas Eorpach. Cuireann sí oiliúint d’ateangairí comhdhála chun cinn de réir na gcaighdeán a forbraíodh in institiúidí an Aontais agus, ar an gcaoi sin, cuidíonn sí le cáilíocht na hateangaireachta sna tíortha lena mbaineann a fheabhsú agus tacaíonn sí go gníomhach le hacmhainneacht a fhorbairt i réimse na hateangaireachta. Cuidíonn an comhar sin le tuiscint níos fearr ar an Aontas a chur chun cinn agus is follasaí ról an Aontais mar ghníomhaí domhanda dá bharr.

Déanann Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta – in éineacht le seirbhísí comhpháirtíochta an Aontais – bainistíocht ar thionscadail um chomhar idirnáisiúnta leis an tSín, Macao, Cúba, an Rúis agus tíortha san Afraic (Máistreacht an Chuibhreannais Phan-Afracaigh san Ateangaireacht agus san Aistriúchán (PAMCIT) chun oiliúint a chur ar ateangairí comhdhála. Chuidigh sí chomh maith le hateangairí as an Mongóil a oiliúint don 11ú Cruinniú Mullaigh idir an Áise agus an Eoraip (ASEM) a tionóladh in Ulaanbaatar i mí Iúil 2016.

Forbairt acmhainneachta – comhar le:

Ollscoileanna Afracacha (PAMCIT)

An tSín

Cúba

Macao

An Rúis

 

Give feedback on this page

mandatory field