Skip to main content
Knowledge Centre on Interpretation

Ateangaireacht dhlíthiúil – Sainmhíniú agus comhthéacs

Cad is ateangaireacht dhlíthiúil ann, agus cad is brí léi sa chomhthéacs seo?

Sainmhíniú

‘Is é atá san ateangaireacht dhlíthiúil an cineál ateangaireachta a dhéantar nuair is gá do chainteoirí teangacha éagsúla cumarsáid a dhéanamh le chéile i suíomhanna dlíthiúla nó paraidhlíthiúla. I gcás gach córais dhlíthiúil tá nósanna imeachta cúirte uathúla ann, mar aon le coincheapa dlíthiúla agus téarmaí uathúla nach bhfuil a gcomhionann le fáil i dteangacha eile in amanna. Fágann an neamhshiméadracht chultúrtha sin sna córais dhlíthiúla go mbíonn deacrachtaí suntasacha ateangaireachta ann. Ní mór d’ateangairí cúirte cur amach cuimsitheach a bheith acu ar théarmaíocht dhlíthiúil le go mbeidh siad in ann ateangaireacht a dhéanamh go hinniúil. Is é ról an ateangaire cúirte cumarsáid a éascú idir daoine a labhraíonn teangacha éagsúla. Bíonn freagrachtaí eiticiúla ar ateangairí cúirte chomh maith. I measc na ndúshlán atá ann don ateangaireacht chúirte tá an easpa foclóirí dátheangacha dlí agus na bacainní ar thionchar pragmatach etc. Bíonn oiliúint, i scileanna ateangaireachta agus san ateangaireacht chúirte, ag teastáil ó ateangairí cúirte. Ní féidir ateangaireacht éifeachtach chúirte a dhéanamh gan ateangairí a phroifisiúnú trí oideachas éigeantach a chur orthu, trí dhálaí oibre sásúla a chur ar fáil dóibh agus trí luach saothair gairmiúil a thabhairt dóibh le go mbeidh idirphlé éifeachtach ilteangach ann.’

Foinse: Stern L, 2011, 'Courtroom interpreting', in The Oxford Handbook of Translation Studies, eag. K. Malmkjaer agus K. Windle. Oxford University Press, Oxford, RA, lgh. 325-342.

I gcás an Ionaid Eolais seo, gach uair a luaitear ateangaireacht dhlíthiúil is ag tagairt don ateangaireacht a chuirtear ar fáil ag céimeanna éagsúla den phróiseas dlí atáimid. Cumasaítear léi idirphlé soiléir idir an páirtí lena mbaineann agus an t-údarás nó an comhairleoir dlí, trí chumarsáid dhá bhealach a sholáthar gan ach aon ateangaire amháin a úsáid.

Comhthéacs

Is minic a luaitear trí threoir de chuid an Aontais i gcomhthéacs na hateangaireachta ‘dlíthiúla’. Leis na treoracha sin tugtar aghaidh ar an gceart chun ateangaireachta i suíomhanna ar leith ach ní ar an dóigh a ndéantar an ateangaireacht: Treoir 2010/64/AE maidir leis an gceart chun ateangaireachta agus aistriúcháin in imeachtaí coiriúla agus Treoir 2012/13/AE agus Treoir 2012/29/AE ina mínítear na coinníollacha leis an gceart chun ateangaireachta agus aistriúcháin a fheidhmiú. Tabhair faoi deara gurb iad na Ballstáit den Aontas Eorpach atá freagrach as na treoracha thuasluaite a thrasuí agus as an reachtaíocht a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin.

Raon feidhme

Is é atá i gceist leis an ardán reatha spás a chur ar fáil do na páirtithe leasmhara chun dea-chleachtais a mhalartú ar cleachtais iad a bhaineann le gnéithe éagsúla de cháilíocht na hateangaireachta i suíomhanna dlíthiúla.

Páirt a ghlacadh

Is é atá i rannóg na hateangaireachta dlíthiúla den Ionad Eolais, mar sin, áit chruinnithe do gach duine a bhfuil baint acu leis an ateangaireacht dhlíthiúil – ateangairí, mic léinn, múinteoirí, taighdeoirí, eagraíochtaí gairmiúla agus údaráis – chun eolas nó dea-chleachtais a bhaineann le cáilíocht na hateangaireachta dlíthiúla a roinnt le chéile. D’fhéadfadh sé go mbainfeadh siad sin le heagraíochtaí gairmiúla le haghaidh ateangairí dlíthiúla, mar shampla, leis na deiseanna oiliúna atá ar fáil d’ateangairí dlíthiúla nó le cláir ateangairí cáilithe.

 

An bhfuil tú i do bhall d’eagraíocht ghairmiúil le haghaidh ateangairí dlíthiúla? Cuidigh linn cur leis an eolas atá againn cheana trí leas a bhaint as an bhfoirm aighneachta, ionas gur féidir an t-eolas a chomhroinnt agus a úsáid ar bhonn níos fairsinge!

 

Chun dul i bpáirt i bpobal nó pobal a chruthú, gabh chuig an Spás Comhoibríoch - Pobail