Skip to main content
Knowledge Centre on Interpretation

Ateangaireacht chomharthaíochta ag comhdhálacha

Ateangaireacht ó agus go teangacha comharthaíochta i suíomhanna comhdhála

Ateangaireacht chomharthaíochta ag comhdhálacha

Oibríonn ateangairí comharthaíochta idir teanga labhartha agus teanga chomharthaíochta nó idir dhá theanga chomharthaíochta. Oibríonn ateangairí comharthaíochta comhdhála i mbuíonta teanga ina bhfuil beirt nó níos mó ná sin, ag brath ar fhad agus ar dhéine an chláir. Bíonn tuilleadh ateangairí comharthaíochta ag teastáil nuair a bhíonn seirbhísí ateangaireachta de dhíth le linn sosanna nó le linn chuid shóisialta an chláir.

Le linn na comhdhála nó an imeachta seasann an t-ateangaire comharthaíochta taobh leis an gcainteoir os comhair an tseomra agus na rannpháirtithe. Ar an dóigh sin, is féidir leis an rannpháirtí bodhar radharc maith a fháil ar an gcainteoir, ar an gcur i láthair agus ar an ateangaire.

 

Glacann ateangairí comharthaíochta a oibríonn i mbuíon sealaíocht gach 15 nóiméad nó mar sin. Faigheann an t-ateangaire a bhíonn i mbun na hateangaireachta tacaíocht ón dara ateangaire. Cuimsítear an méid a leanas leis an tacaíocht; cruinneas na hateangaireachta a dhearbhú, seiceáil le haghaidh míthuiscintí nó easnamh, agus eolas teanga breise a chur ar fáil nach raibh ar eolas ag an ateangaire nó nach raibh le feiceáil ná le cloisteáil aige.

Soláthraíonn an t-ateangaire comharthaíochta ateangaireacht ó theanga labhartha go teanga chomharthaíochta, mar shampla ón bhFraincis go teanga chomharthaíochta na Fraince, agus a mhalairt ó theanga chomharthaíochta go teanga labhartha, mar shampla ó theanga chomharthaíochta na Gearmáine go Gearmáinis. Is féidir ateangaireacht a chur ar fáil idir dhá theanga chomharthaíochta freisin.

 

 

Mar gheall ar ghéarú an domhandaithe, is minic a oibríonn ateangairí comharthaíochta le teanga eile seachas an ceann inar cuireadh oiliúint orthu i dtús báire. Mar shampla, d’fhéadfadh ateangaire ar cuireadh oiliúint air i dtús báire i dteanga chomharthaíochta Shasana agus na Fraince leanúint ar aghaidh chun ateangaireacht a dhéanamh go teanga chomharthaíochta na hÍsiltíre.

Bíonn méadú ar úsáid seirbhísí ateangaireachta comharthaíochta idirnáisiúnta ag imeachtaí ar leibhéal idirnáisiúnta agus Eorpach. Is é sin an cás go háirithe nuair a bhíonn roinnt úsáideoirí teangacha comharthaíochta éagsúla páirteach iontu. Tá tacar scileanna agus próifíl speisialta ag ateangairí comharthaíochta idirnáisiúnta.

Ina thaobh sin, b’fhéidir go mbeadh sé suimiúil éisteacht leis an gcuid seo den cheiliúradh a rinneadh ar 100 bliain den Ateangaireacht Chomhdhála, ceiliúradh a bhí ar siúl sa Ghinéiv in 2019.

Sula gcuirfear na hateangairí in áirithe, bíonn sé tábhachtach iarraidh orthu siúd a bhfuil seirbhís ateangaireachta comharthaíochta de dhíth orthu cad í an teanga chomharthaíochta a thuigeann siad agus inar mhaith leo cumarsáid a dhéanamh. Is féidir ateangairí a chur in áirithe ansin i gcomhréir leis na riachtanais sin agus lena scileanna.

Le go mbeidh gach duine ag an imeacht in ann páirt chothrom a ghlacadh ann, ní mór roinnt riachtanas a chomhlíonadh. Is cuid thábhachtach é clár, sceideal agus ábhar an imeachta a roinnt leis na hateangairí comharthaíochta. Bíonn na hábhair ullmhúcháin chéanna le haghaidh comhdhálacha de dhíth ar ateangairí comharthaíochta agus a bhíonn ar ateangairí ó bhéal. Ba cheart ábhair chlóite nó dhigiteacha a chur ar fáil chomh luath agus is féidir, ós rud é nach féidir leis an ateangaire léamh agus comharthaíocht a dhéanamh ag an am céanna. Is gá d’ateangairí comharthaíochta dá réir sin am ullmhúcháin a chur ar leataobh dóibh féin chun eolas a chur ar an ábhar.

Le haghaidh tuilleadh riachtanais theicniúla agus socrúchán ateangaire, mar shampla, chun sruthú gréasáin na hateangaireachta comharthaíochta a éascú, féach ar threoirlínte AIIC.

Treoirlínte AIIC le haghaidh ateangairí comharthaíochta a shuíomh ag comhdhálacha, lena n-áirítear sruthú gréasáin

Treoirlínte AIIC le haghaidh ateangairí labhartha a oibríonn i mbuíonta measctha

Treoirlínte AIIC le haghaidh innealtóirí fuaime nuair a oibríonn ateangairí comhdhála idir ateangairí comharthaíochta agus labhartha ar an mbuíon chéanna

Tá roinnt eolais bailithe againn freisin maidir le hateangaireacht chomharthaíochta sa tseirbhís phoiblí agus i suíomhanna dlí.

Comhlachais ghairmiúla

EFSLI - Fóram Eorpach na nAteangairí Comharthaíochta

Is eagraíocht Eorpach é EFSLI atá faoi cheannas na mball, is iad sin Ateangairí Comharthaíochta lena gcuimsítear comhlachais náisiúnta agus réigiúnacha, baill aonair & baill chomhlacha.
 

WASLI - Comhlachas Domhanda na nAteangairí Comharthaíochta

Tá ateangairí comharthaíochta ó go leor réigiún ar fud an domhain ina mbaill de WASLI. Is é an aidhm gairm na hateangaireachta comharthaíochta a chur chun cinn ar fud an domhain. Is féidir le daoine aonair bheith ina mbaill nó is féidir leo clárú trí chomhlachais náisiúnta atá ann cheana.

Imeachtaí

An 26 Eanáir 2021, is le himeacht ar líne a cuireadh clabhsúr le scéim meantóireachta na Comharthaíochta Idirnáisiúnta. “Inrochtaineacht tríd an ateangaireacht chomharthaíochta” ba theideal don imeacht, agus rinneadh taifeadadh air, mar sin mura raibh an deis agat é a leanúint beo nó más mian leat amharc air arís, tá an taifeadadh le fáil anseo. Orthu sin a rinne cuir i láthair ag an imeacht bhí ionadaithe ón gCoimisiún, ó Aontas Eorpach na mBodhar (EUD) agus óna chumann óige (EUDY), mar aon le hateangairí comharthaíochta. Is féidir leat an clár oibre agus a gcuir i láthair a íoslódáil thíos. Ag an imeacht taispeánadh an físeán seo le Sandra Schügerl, aistritheoir agus ateangaire téacsanna agus físeán.

 

 

 

 

 

 

Give feedback on this page

mandatory field