Skip to main content
Knowledge Centre on Interpretation

Míniú ar an ateangaireacht chomhdhála

Cad is ateangaireacht chomhdhála ann i ndáiríre?

Sainmhíniú

Is é an sainmhíniú a thugann Cumann Idirnáisiúnta na nAteangairí Comhdhála ar an ateangaireacht ná cleachtas a chuireann in iúl, ó bhéal agus i dteanga eile, an bhrí atá le teachtaireacht cainteora d’éisteoirí nach dtuigfeadh an teachtaireacht murach sin. Déantar ateangaireacht chomhdhála ag cruinnithe ilteangacha idir ionadaithe ó rialtais náisiúnta, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó eagraíochtaí neamhrialtasacha, gan ach beagán samplaí a lua.

Sa Choimisiún Eorpach, féadfaidh sé gur baill foirne nó saorateangairí iad na hateangairí comhdhála, agus féadfaidh siad a bheith ag obair don Choimisiún, do Chomhairle na nAirí, don Chomhairle Eorpach, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, do Choiste na Réigiún nó do na gníomhaireachtaí Eorpacha éagsúla. Is sa Bhruiséil a bhíonn formhór na hoibre ar siúl, ach bíonn go leor ‘misean’ ann freisin ina dtéann ateangairí in éineacht le hairí nó le hoifigigh chuig cruinnithe ar an gcoigríoch.

Scileanna ateangaireachta

Cad iad na scileanna a bhíonn ag teastáil ó ateangaire? Tá cumas láidir ina mháthairtheanga, mar aon le sárthuiscint ar dhá nó trí cinn ar a laghad de theangacha eile, de dhíth ar ateangaire. Chomh maith leis sin, is gá go leor scileanna agus cáilíochtaí eile a bheith aige, cuir i gcás an cumas teachtaireacht a mheas go tapa agus í a chur in iúl go maith. Ba cheart d’ateangairí teacht aniar a bheith iontu, a bheith in ann déileáil le brú agus strus agus a bheith fiosrach faoin saol mór – d’fhéadfadh sé go gcuirfí isteach iad chuig cruinniú ar aon ábhar. Tá roinnt físeán déanta ag Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta, físeáin a fhéachann le míniú a thabhairt ar an ateangaireacht agus ar a bhfuil ag teastáil le bheith i d’ateangaire rathúil.

Tá dhá phríomhchineál ateangaireachta ann a dhéantar sna hinstitiúidí Eorpacha, is iad sin an ateangaireacht iaruaineach, a dhéantar ag cruinnithe níos lú de ghnáth, agus ina nglacann an t-ateangaire nótaí,

agus ateangaireacht chomhuaineach, nuair a shuíonn an t-ateangaire i mbothán ag obair i bhfíor-am ar an láthair. Is ar an dóigh sin a ndéantar tromlach mór na hoibre.

Déanann na hinstitiúidí Eorpacha roinnt imeachtaí a shruthú beo ar líne freisin agus is féidir leat éisteacht leis na hateangairí agus iad i mbun oibre: 

An Coimisiún Eorpach

Comhairle na nAirí

Parlaimint na hEorpa

Coiste na Réigiún

Conas a bheith i d’ateangaire comhdhála

Mar atá luaite thuas, tá scileanna agus cáilíochtaí éagsúla de dhíth ort le bheith i d’ateangaire rathúil. Is féidir na scileanna agus na cáilíochtaí sin a fhoghlaim agus is iomaí cúrsa iarchéime san ateangaireacht chomhdhála atá ar fáil in ollscoileanna san Eoraip agus níos faide i gcéin.

Bíonn an Coimisiún Eorpach agus Parlaimint na hEorpa ag comhoibriú go dlúth leis an gcuibhreannas de Mháistreachtaí Eorpacha san Ateangaireacht Chomhdhála, cuibhreannas a thugann le chéile na cláir iarchéime sin san ateangaireacht chomhdhála a chloíonn le caighdeáin ar leith.

Earcaíocht chuig an Aontas Eorpach

Is féidir leat a bheith ag obair do na hinstitiúidí Eorpacha mar shaorateangaire agus mar ateangaire atá ina bhall foirne.

Give feedback on this page

mandatory field