Skip to main content
Knowledge Centre on Interpretation

Tionscadail taighde faoin ateangaireacht a mhaoiníonn an tAontas Eorpach

<p>Faigh tuilleadh eolais faoi thionscadail taighde a mhaoiníonn an tAontas Eorpach</p>

Tá roinnt tionscadail taighde a bhaineann leis an ateangaireacht maoinithe ag an Aontas Eorpach: 

An chian-ateangaireacht agus an intleacht shaorga

Is tionscadal é SmarTerp a chomhtháthaíonn cúnamh meaisín laistigh de shreabhadh oibre na hateangaireachta daonna agus a chuireann réiteach Cian-ateangaireachta Comhuainí (RSI) faoi chumhacht na hintleachta saorga ar fáil, réiteach a chuidíonn le hateangairí déileáil le gníomhaíocht dhúshlánach na hateangaireachta comhuainí agus an tseirbhís a chur in oiriúint do riachtanais téarmaíochta an chustaiméara.

Ateangaireacht trí mheán físeáin

Tionscadal trí chéim atá in AVIDICUS - Assessment of Video-Mediated Interpreting in the Criminal Justice System [Measúnú ar Ateangaireacht Trí Mheán Físeáin sa Chóras Ceartais Choiriúil] ‑ atá dírithe ar mheasúnú ar iontaofacht agus ar cháilíocht na hateangaireachta a dhéantar trí mheán físeáin (VMI) le haghaidh imeachtaí coiriúla d’fhonn feabhas a chur ar an gcomhar breithiúnach ar fud na hEorpa. Tá rannóg oiliúna ag AVIDICUS freisin maidir le VMI d’ateangairí agus do chleachtóirí dlí.

AVIDICUS I

AVIDICUS II

AVIDICUS III

 

Is tionscadal 3 bliana de chuid Erasmus+ é SHIFTSHaping the Interpreters of the Future and of Today [Fabhrú Ateangairí na Todhchaí agus an Lae Inniu] ‑ a mhaoinigh an Coimisiún Eorpach in 2015. Is é cuspóir an tionscadail SHIFT réiteach cuimsitheach a fhorbairt le haghaidh oiliúint ar an gcian-ateangaireacht i réimsí an Ard-Oideachais agus na Foghlama ar Feadh an tSaoil, trí chomhar ó líonra Eorpach ollscoileanna a chuireann cláir ateangaireachta ar fáil agus ó sholáthraithe seirbhísí ateangaireachta.

Lámhleabhar

Gluais

Ábhair theagaisc

Ateangaireacht sa réaltacht fhíorúil

IVY & EVIVA - Interpreting in Virtual Reality [Ateangaireacht i Réaltacht Fhíorúil] + Evaluating the Education of Interpreters and their Clients through Virtual Learning Activities [Meastóireacht ar Oideachas Ateangairí agus a gcuid cliant].

Cuirtear dhá thionscadal a mhaoinigh an tAontas Eorpach i láthair ar an suíomh gréasáin “Interpreting in Virtual Reality”: Ateangaireacht i Réaltacht Fhíorúil (IVY) agus Meastóireacht ar Oideachas Ateangairí agus a gcuid Cliant trí Ghníomhaíochtaí Fíorúla Foghlama (EVIVA). Úsáideann an tionscadal IVY gnéithe spreagúla theicneolaíocht na timpeallachta fíorúla tríthoisí (3T). Déantar meastóireacht trí EVIVA ar na deiseanna oideachasúla atá ar fáil d’ateangairí na todhchaí agus dá gcliaint le trí chineál timpeallachta fíorúla foghlama — timpeallachtaí fíorúla 3T, timpeallachtaí bunaithe ar fhíschomhdháil agus timpeallachtaí bunaithe ar fhíseán.

Ateangaireacht dhlíthiúil, dhaonnúil agus seirbhíse poiblí

Léirigh Universitat Autònoma de Barcelona sraith físeán maidir leis an Ateangaireacht Seirbhíse Poiblí le tacaíocht airgeadais ó Ard-Stiúrthóireacht Ateangaireachta an Choimisiúin Eorpaigh: Ateangaireacht Seirbhíse Poiblí agus Dúshláin na Mílaoise Nua.

Expanding Professional Borders: Public Service Interpreting and the Challenges of the New Millennium [Teorainneacha Gairmiúla a leathnú: Ateangaireacht Seirbhíse Poiblí agus Dúshláin na Mílaoise Nua] - Leathanach Tionscadail Universitat Autònoma de Barcelona

Is é is aidhm don tionscadal feabhas a chur ar obair agus ar oiliúint na n-ateangairí gairmiúla sna seirbhísí poiblí i gcomhthéacs Eorpach. Is iad na príomhchuspóirí ábhar closamhairc a bhfuil rochtain oscailte air a fhorbairt d’oiliúnóirí agus d’oiliúnaithe i réimse na hAteangaireachta Seirbhíse Poiblí, agus don phobal i gcoitinne; aird a tharraingt ar obair na n-ateangairí seirbhíse poiblí i spás an Aontais Eorpaigh agus ar thábhacht na gclár oiliúna Ateangaireachta Seirbhíse Poiblí agus eolas ar an Ateangaireacht Seirbhíse Poiblí a chur i láthair do mhic léinn ateangaireachta comhdhála chun cur lena gcuid eolais ar mhodhanna ateangaireachta, ar réimsí gníomhaíochta ateangaireachta agus ar chomhthéacsanna cumarsáide.

 

IMPLI - Improving Police and Legal Interpreting [Ateangaireacht na bPóilíní agus Ateangaireacht Dhlíthiúil a Fheabhsú]

Is é atá sa tionscadal ImPLI (Ateangaireacht na bPóilíní agus Ateangaireacht Dhlíthiúil a Fheabhsú) staidéar comparáideach ar chleachtais cheistiúcháin trí mheán ateangaire – go háirithe i gcás na bpóilíní – sa Bheilg, i bPoblacht na Seice, sa Fhrainc, sa Ghearmáin, san Iodáil agus in Albain. Bhí dhá chuspóir i gceist leis an tionscadal: plé a thionscnamh nó a fhairsingiú i measc gairmithe, agus faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú i measc comhpháirtithe ImPLI.

Díríonn an tionscadal CO-Minor-IN/QUEST ar íospartaigh, daoine atá faoi amhras agus finnéithe atá leochaileach agus faoi 18 mbliana d’aois, agus ar an dóigh ar cheart an fhaisnéis, an tacaíocht agus an chosaint is gá a chur ar fáil don ghrúpa sin. Rinneadh taighde luachmhar sa tionscadal agus táirgeadh ábhar chun cuidiú le hateangairí cúnamh a thabhairt dá “gcliaint” óga ar an mbealach is fearr is féidir.

CO-Minor-IN/QUEST I - Leathanach Tionscadail KU Leuven

CO-Minor-IN/QUEST II - Leathanach Tionscadail KU Leuven

CO-Minor-IN/QUEST - Leanaí agus Ceartas: Bacainní Teanga a Shárú

CO-Minor-IN/QUEST - Moltaí

CO-Minor-IN/QUEST - Lámhleabhar d’Oiliúnóirí

    

SOS-VICS («Speak Out for Support» - JUST/2011/JPEN/2912)

Is treoirthionscadal é an suíomh gréasáin “Speak Out for Support (SOS-VICS)” [Labhair Amach le haghaidh Tacaíochta (SOS-VICS)] (JUST / 2011 / JPEN / 2912) atá cómhaoinithe ag Clár an Aontais Eorpaigh um Cheartas Coiriúil agus ag ollscoileanna comhpháirtíochta. Is éard is cuspóir dó feabhas a chur ar oiliúint na n-ateangairí i réimse an fhoréigin inscne.

JUSTISIGNS (Ateangaireacht Chomharthaíochta i gComhthéacs Dlíthiúil)

An easpa stádais, nó an stádas teoranta, a thugtar do theangacha comharthaíochta, rud a chuireann srian ar dhaoine bodhra rochtain iomlán a fháil ar eolas ag gach céim den phróiseas dlí. Díríonn an tionscadal seo ar inniúlachtaí a aithint le haghaidh ateangaireacht chomharthaíochta i dtimpeallachtaí dlíthiúla agus ar oiliúint a sholáthar d’ateangairí comharthaíochta atá cáilithe, agus dóibh sin atá le cáilíocht a bhaint amach sa réimse sin.

Ateangaireacht Leighis ReACTMeResearch, Action and Training in Medical Interpreting [Tionscadal Taighde, Gníomhaíochta agus Oiliúna san Ateangaireacht Leighis]

Le tionscadal ReACTMe bailítear le chéile 6 institiúid ón Rómáin (UBB agus UMF), ón Iodáil (UNIBO agus UNINT) agus ón Spáinn (USJ agus UMU).

Cuirfear uirlisí ar fáil chun oiliúint a chur ar ateangairí leighis, oiliúnóirí agus foghlaimeoirí ardoideachais, agus chun curaclam a dhearadh le haghaidh modúl seach-churaclaim.

Féach leat an suíomh gréasáin agus an leathanach Facebook.

ReTrans

Tionscadal de chuid Erasmus+ is ea ReTrans agus é d'aidhm aige feasacht a mhúscailt maidir leis an ateangaireacht i gcomhthéacsanna daonnúla agus i gcomhthéacs na himirce trasteorann, agus aird a tharraingt ar dhúshláin na headrána teanga i limistéir idirthurais dídeanaithe trí ábhair theagaisc sho-úsáidte a sholáthar do mhic léinn agus teagascóirí san ard-oideachas. Sa chaoi sin cuireann an tionscadal le héagsúlú na n-uirlisí oideachasúla in oiliúint na n-ateangairí agus tugtar aghaidh ar riachtanais agus dúshláin na ndaoine aonair, na n-ateangairí agus na n-institiúidí i limistéir idirthurais dídeanaithe. Tháinig comhpháirtithe sa tionscadal ó cheithre thír ar na bealaí imirce Eorpacha le cheile, i gceithre phacáiste oibre, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na ndaoine a oibríonn i limistéir idirthurais agus chun tuiscint ar na dúshláin a bhaineann, ní amháin leis an eadráin ina leithéidí de thimpeallacht, ach le soláthar seirbhísí teanga a bhainistiú go sásúil le haghaidh gach páirtí lena mbaineann, a thabhairt do mhic léinn agus teagascóirí i dtimpeallachtaí ardoideachais. Trí ghuth a thabhairt d’ateangairí, d’ionadaithe institiúideacha agus do dhídeanaithe, tá sé i gceist leis an tionscadal ReTrans an plé a chothú idir gníomhairí ar an láthair agus i saoráidí ardoideachais.

Féach leat an suíomh gréasáin.