Skip to main content
Knowledge Centre on Interpretation

An ateangaireacht chomhuaineach

Cad is ateangaireacht chomhuaineach ann? Cad atá i gceist léi?

An ateangaireacht chomhuaineach

Is cur síos an-ghairid é seo ar an ateangaireacht chomhuaineach dóibh siúd nach bhfuil taithí acu uirthi, agus ní mhaítear go gclúdaítear gach rud ann. Tá líon mór leabhar ann ar an ábhar, inar féidir faisnéis i bhfad níos mionsonraithe a fháil.

Is éard is ateangaireacht chomhuaineach ann modh ateangaireachta ina ndéanann cainteoir óráid agus athmhúnlaíonn an t-ateangaire an óráid sin i dteanga a thuigeann an lucht éisteachta ag an am céanna (nó go comhuaineach). Is i mbothán ateangaireachta a bhíonn ateangairí comhuaineacha ag obair, ach d’fhéadfadh sé go mbeadh siad ag úsáid bidule chomh maith (trealamh ateangaireachta iniompartha gan bhothán) nó ag cogarnach (chuchotage).

Na scileanna ar fad a luaitear leis an ateangaireacht iaruaineach, baineann siad leis an ateangaireacht chomhuaineach chomh maith.

Is ionann, go bunúsach, na trí phríomhghníomhaíocht freisin:

1) éisteacht go gníomhach (tuiscint)

2) anailísiú (an teachtaireacht a struchtúrú)

3) aithris (cur in iúl)

Is í an difríocht idir an ateangaireacht iaruaineach agus an ateangaireacht chomhuaineach go gcaithfear na nithe sin ar fad a dhéanamh ag an am céanna (nó go comhuaineach).

Ciallaíonn sé sin, sa bhreis ar na scileanna atá liostaithe leis an ateangaireacht iaruaineach (i.e. bealach ar leith chun éisteacht le heolas, faisnéis a chur in ord tosaíochta agus idirdhealú a dhéanamh idir faisnéis phríomhúil agus faisnéis thánaisteach, cuimhne ghearrthéarmach a ghníomhachtú, cumarsáid a dhéanamh, etc.), go gcaithfidh ateangaire comhuaineach maith a bheith ábalta a bhféadfadh an cainteoir a rá a dhéanamh amach roimh ré (go háirithe nuair is struchtúr an-éagsúil atá sa teanga atá á labhairt ag an gcainteoir i gcomparáid leis an teanga ina bhfuil an ateangaireacht á déanamh). San ateangaireacht chomhuaineach bíonn sé níos tábhachtaí fós fanacht socair faoi bhrú agus acmhainn a bheith agat ar strus chomh maith.

Tá níos mó brú ar theanga ghníomhach an ateangaire freisin san ateangaireacht chomhuaineach, mar go mbíonn an t-ateangaire ag labhairt an tráth céanna agus é/í ag éisteacht agus ag anailísiú. Dá bhrí sin, is mó an gá a bhíonn le scileanna máthairtheanga nó scileanna teanga gníomhacha den scoth ná san ateangaireacht iaruaineach. Is mó an baol a bhíonn ann go gcuirfeadh an teanga éighníomhach (an teanga lena bhfuiltear ag éisteacht) isteach ar an teanga ghníomhach (an teanga atá á labhairt) san ateangaireacht chomhuaineach, agus mar sin ní mór don ateangaire níos mó airde a thabhairt ar a n-aschur. Mar gheall air sin, b’fhéidir gur ghá bogadh ar shiúl ó chomhréir na teanga bunaidh, abairtí fada a ghearradh ina gcinn ghearra agus ‘cairde bréige’ a sheachaint.

Sin an fáth a bhfoghlaimíonn ateangairí faoi oiliúint an ateangaireacht iaruaineach ar dtús, mar is uaithi sin a fhoghlaimíonn siad na scileanna lárnacha ateangaireachta. San ateangaireacht chomhuaineach baintear úsáid as na scileanna ceannann céanna, ach baineann roinnt sraitheanna breise castachta agus deacrachta léi.

Ní mór gach ceann de na scileanna éagsúla sin a fhoghlaim. Ní ateangaire thú díreach toisc gur féidir leat níos mó ná teanga amháin a labhairt; tá sé i bhfad níos casta ná sin. Tá líon mór ollscoileanna ann a chuireann cúrsaí ar fáil san ateangaireacht chomhdhála.

Maidir leis an ateangaireacht chomhuaineach, tá líon maith acmhainní liostaithe (neamh-uileghabhálach) ar an ardán seo chomh maith:

Stór Óráidí (le haghaidh óráidí cleachtaidh)

Ábhar oiliúna Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta

ORCIT

 

 

 

 

 

 

Give feedback on this page

mandatory field