Skip to main content
Knowledge Centre on Interpretation

Conference Interpretation

Ailt agus irisí

Tá saibhreas alt agus irisí ann maidir le hateangaireacht chomhdhála ina gcuirtear na torthaí is déanaí ar thaighde a rinneadh sa réimse ar fáil. Ní liosta cuimsitheach é seo. Bain úsáid as an gcnaipe aiseolais dá mba mhaith leat go liostófaí cinn eile.

Ailt

BITRA - Bibleagrafaíocht Ateangaireachta agus Aistriúcháin 

 

Leabhair agus Ríomhleabhair

Leabhair

Tá lear mór litríochta ann maidir le hateangaireacht chomhdhála, agus ní liosta cuimsitheach é seo. Chuir ateangairí comhdhála sa Choimisiún le chéile é. Bain úsáid as an gcnaipe aiseolais dá mba mhaith leat go liostófaí cinn eile.

​Note-Taking for Consecutive Interpreting – a Short Course (an dara heagrán)

(Andrew Gillies) – 2017 – Routledge

Conference Interpreting – A Students' Practice Book

(Andrew Gillies) – 2013 – Routledge

Eolas téamach

Pléann ateangairí le raon leathan ábhar casta gach lá agus bíonn orthu smaointe sonracha a thuiscint agus a chur in iúl go comhuaineach agus go mionsonrach le téarmaí beachta ina dteanga féin. Ar an gcúis sin bíonn tacaíocht shaincheaptha ag teastáil uathu chun cuidiú leo cur amach a fháil ní hamháin ar an gcomhthéacs i gcoitinne ach ar shainiúlachtaí topaice, topaic nach mbeadh ach ina cuid bheacht ar leith, b'fhéidir, de mhór-réimse beartais a bheadh á phlé ag an am sna hinstitiúidí agus sna comhlachtaí éagsúla.

Ríomhfhoghlaim agus acmhainní ar líne

Ríomhfhoghlaim

Foghlaim ar do luas féin atá i gceist leis an ríomhfhoghlaim, agus baintear úsáid as teicneolaíochtaí ilmheáin nua mar chuid di. Trí úsáid a bhaint as an Idirlíon cuirtear le cáilíocht na foghlama trí rochtain a éascú ar acmhainní agus ar sheirbhísí, chomh maith le malartuithe cianda agus comhar. Ag baint úsáid as fuaim, grafaicí agus idirghníomhaíocht, tugtar eispéireas ilchéadfach don fhoghlaimeoir lenar féidir tuiscint níos fearr a chur ar an ábhar agus cuimhneamh ar níos mó eolais.

Ollscoileanna

Is é misean Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta cumarsáid ilteangach a chumasú ag croílár chinnteoireacht an Aontais trí sheirbhísí ateangaireachta ardcháilíochta a sholáthar.

Foinsí Téarmaíochta an Aontais

Bunachar sonraí an Aontais

IATE

Is é IATE (Téarmaíocht Idirghníomhach don Eoraip) bunachar sonraí téarmaíochta idir-institiúideach an Aontais. Tá IATE á úsáid in institiúidí agus i ngníomhaireachtaí an Aontais ó bhí samhradh 2004 ann chun téarmaíocht atá sonrach don Aontas a bhailiú, a scaipeadh agus chun comhbhainistiú a dhéanamh uirthi.

Conference Interpretation
Give feedback on this page

mandatory field