Skip to main content
Knowledge Centre on Interpretation

Conference Interpretation

Uirlisí oiliúna

Tá go leor acmhainní éagsúla ann mar aon le huirlisí oiliúna ar líne atá ar fáil do mhic léinn ateangaireachta agus d’ateangairí gairmiúla.

Ní liosta cuimsitheach é seo. Déan teagmháil linn dá mba mhaith leat suíomh eile a mholadh don rannán seo.

Oiliúint d’Oiliúnóirí

Oiliúint d’Oiliúnóirí

Eagraíonn Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta seimineáir “Oiliúint d’Oiliúnóirí” (ODO) sa Bhruiséil go rialta, ar feadh cúig lá, le haghaidh oiliúnóirí ateangaireachta in ollscoileanna comhpháirtíochta ó Bhallstáit agus ó thíortha is iarrthóirí, agus ó thríú tíortha amhail an Rúis agus tíortha Afracacha i gcomhthéacs PAMCIT (Cuibhreannas Máistreachta Pan-Afracach um Ateangaireacht agus Aistriúchán).

Míniú ar ranganna fíorúla

Míniú ar ranganna fíorúla

Is seisiúin oiliúna iad ranganna fíorúla, a mhaireann 2 - 2:30 uair an chloig agus a eagraítear trí fhíschomhdháil le hollscoileanna comhpháirtíochta. Sanntar ateangairí ó Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta a bhfuil taithí oiliúna acu ar sheisiúin/do sheisiúin mar oiliúnóirí agus mar chainteoirí.

Míniú ar an ateangaireacht chomhdhála

Sainmhíniú

Is é an sainmhíniú a thugann Cumann Idirnáisiúnta na nAteangairí Comhdhála ar an ateangaireacht ná cleachtas a chuireann in iúl, ó bhéal agus i dteanga eile, an bhrí atá le teachtaireacht cainteora d’éisteoirí nach dtuigfeadh an teachtaireacht murach sin. Déantar ateangaireacht chomhdhála ag cruinnithe ilteangacha idir ionadaithe ó rialtais náisiúnta, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó eagraíochtaí neamhrialtasacha, gan ach beagán samplaí a lua.

Conference Interpretation
Give feedback on this page

mandatory field