Skip to main content
Knowledge Centre on Interpretation

Cúnamh teagaisc in ollscoileanna

Téann oiliúnóirí ateangaire ó Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta chun cuidiú le teagasc ar chúrsaí máistreachta san ateangaireacht chomhdhála

Cúnamh teagaisc in ollscoileanna

Is cúnamh é cúnamh teagaisc, nó 'cúnamh oideolaíoch' (PA) de réir mar a chuirtear air go hinmheánach in Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta, a thugtar in situ sna hollscoileanna lena gcomhoibrímid (féach an liosta Ollscoileanna) agus a bhíonn ag cur ateangairí comhdhála faoi oiliúint.

Má cheapann tú go bhfuil tú incháilithe an cúnamh seo a fháil is féidir leat iarratas a dhéanamh agus modúil oiliúna shonracha a iarraidh.

Is é an aidhm ár bhfios gnó ón iliomad blianta ar a bheith ag tabhairt oiliúint don chineál ateangaire a bhíonn de dhíth orainn go hinmheánach a chomhroinnt leis na hollscoileanna, chun cúnamh a thabhairt céimithe a ullmhú lenár dtástálacha a dhéanamh agus pas a fháil iontu.

Tástálacha creidiúnúcháin

Físeáin bhréagtástála

Is bealach dúinn é an cúnamh oideolaíoch chun labhairt faoi chaighdeáin ghairmiúla agus faoi ionchais ghairmiúla leis na hollscoileanna a bhíonn ag cur na hoiliúna ar fáil. Cé gur minic a bhíonn mic léinn i dteagmháil cheana le hateangairí oibre (a n-oiliúnóirí) bíonn sé an-luachmhar dóibh rudaí a chloisteáil díreach ó ateangaire foirne a bhíonn ag obair sa Choimisiún Eorpach, ar féidir leis an duine sin faisnéis atá bunaithe ar thaithí phearsanta a chur ar fáil faoin Aontas – ó shaincheisteanna reatha i dtaobh an Aontais go deiseanna poist agus maidir le fírinne lom an tsaoil mar ateangaire comhdhála in institiúid Eorpach.

 

 

 

Tá trí chineál éagsúla cúnaimh oideolaíoch ann: oiliúint do mhic léinn, oiliúint d’oiliúnóirí agus láithreacht ag scrúduithe – scrúdú inniúlachta, scrúdú meántéarma nó scrúdú deiridh. Roghnaíonn na hollscoileanna an cineál cúnaimh atá uathu. Le haghaidh cúnamh oiliúna do mhic léinn bíonn roinnt modúl éagsúil ann ar féidir roghnú as a measc.

An Clár Oiliúna agus feidhmchláir (íoslódáil an comhad faoi 'Cúnamh ar an láthair')

Is ateangairí foirne iad na hoiliúnóirí cúnaimh oideolaíoch ar tugadh oiliúint inmheánach dóibh chun oiliúint a chur ar mhic léinn nó ar oiliúnóirí. Bíonn ábhar oiliúna ar fáil dóibh a ndearna ár n-oiliúnóirí sinsearacha é a fhorbairt.

Tacaíocht ghairmiúil d’ateangairí foirne

Leideanna breise oiliúna maidir le SCICtrain

Le 3 bliana anuas, tugadh thart ar 350 lá de chúnamh oideolaíoch ar an meán do bhreis agus 50 ollscoil in aghaidh na bliana sna Ballstáit agus i dtíortha is iarrthóirí.

Cúnamh do thríú tíortha: Forbairt Acmhainní

Tugtar cúnamh ar bhonn riachtanais (déantar teangacha a chatagóiriú de réir thosaíocht 1, 2 nó 3) agus de réir roinnt critéar éagsúil – mar shampla ba cheart cuntas teiste i dtaobh ratha a bheith ag an ollscoil, nó ba cheart gurb í an t-aon ollscoil ag tabhairt oiliúint do mhic léinn a bhfuil teangacha neamhchoitianta acu, srl.

Dá mba mhaith leat tuilleadh a fháil amach faoinár gcóras cúnaimh oideolaíoch, nó dá mba mhaith leat insint dúinn faoin dóigh a thacaíonn tú le hoiliúint d’ateangairí comhdhála, ba mhaith linn cloisteáil uait. Cruthaigh pobal agus roinn do chuid eolais nó postáil ar an bhfóram!