Skip to main content
Knowledge Centre on Interpretation

Macao

Forbairt acmhainneachta in Macao

Is é príomhchuspóir an chomhoibrithe inniúlachtaí ateangairí Macao a uasghrádú agus líon na n-ateangairí cáilithe atá ar fáil d’údarás poiblí dátheangach (Sínis-Portaingéilis) Macao a mhéadú.

Tá dhá shraith i gceist leis an gcomhoibriú:

Comhoibriú le Biúró an Riaracháin Phoiblí agus na Seirbhíse Sibhialta (SAFP)

Ó bhí 2006 ann tá cúrsaí oiliúna ateangaireachta (Portaingéilis – Sínis agus a mhalairt) á reáchtáil ag Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta, i gcomhar le Biúró Riaracháin Phoiblí agus Seirbhíse Sibhialta (SAFP) Réigiún Riaracháin Speisialta Macao. Bhain 90 oiliúnaí tairbhe as an gclár go dtí seo.

Ní mór céim ollscoile a bheith ag iarrthóirí, iad oilte i bPortaingéilis agus i Sínis agus acmhainneacht acu a bheith ina n-ateangaire comhdhála laistigh de thréimhse theoranta ama.

Eagraíodh comhdháil idirnáisiúnta an 10-11 Deireadh Fómhair 2017 in MPI ar chomóradh 10 mbliana chomhar AE-Macao sa réimse maidir le hoiliúint d’ateangairí, réimse atá ag éirí níos tábhachtaí ó ainmníodh Macao mar “ardán tráchtála agus oiliúna” idir mórthír na Síne agus tíortha ina labhraítear an Phortaingéilis.

Ó bhí 2013 ann tá na cúrsaí ateangaireachta mar chuid de mhórchlár oiliúna rialtais um aistriúchán agus ateangaireacht le haghaidh na Sínise agus na Portaingéilise.

Cuimsíonn an cúrsa ateangaireachta comhdhála, a éascaíonn Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta, 5 mhí den chlár agus díríonn sé ar scileanna ateangaireachta, ar Phortaingéilis ghníomhach/éighníomhach a chomhdhlúthú agus ar eolas níos fearr ar an Eoraip a chur chun cinn.

Is é SAFP a dhéanann na rannpháirtithe a óstáil le linn na tréimhse oiliúna 2 mhí in Macao. Tar éis na tréimhse tosaigh sin, tagann siad go dtí an Bhruiséil, chun a n-oiliúint ateangaireachta a chur i gcrích, chun tuilleadh a fhoghlaim faoin Aontas Eorpach agus chun amharc ar an dóigh a bhfeidhmítear teicnící ateangaireachta i gcomhthéacs oibre ilteangach.

Comhoibriú le hInstitiúid Pholaiteicnice Macao (MPI)

MPI ar an scoil ateangaireachta is sine in Macao. Comhoibríonn Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta le MPI trí oiliúint a eagrú le haghaidh seimineáir oiliúnóirí (Sínis-Portaingéilis) gach bliain. Go dtí seo, rinne Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta seacht gcinn de na cúrsaí sin a eagrú agus a reáchtáil agus rinne sí 60 mac léinn a oiliúint san iomlán.

Is teagascóirí teanga agus ateangaireachta ag ollscoileanna ina ndéantar an Léann Portaingéalach ar mhórthír na Síne (Béising, Shang-hai, Tianjin, Dalian) iad rannpháirtithe na seimineár sin den chuid is mó. Bíonn ateangairí foirne na nAireachtaí Trádála agus Gnóthaí Eachtracha i mBéising rannpháirteach sna cúrsaí seo freisin.

Give feedback on this page

mandatory field